![](/wp-content/themes/yootheme/cache/45/juinioreuro-45fa6fca.png)
Ag glacadh le hiarratais anois do chomórtas JUNIOR EUROVISION 2024
Ag glacadh le hiarratais anois do chomórtas JUNIOR EUROVISION 2024
ComórtasAn amhránaí den scoth thú? An bhfuil tú idir 9 agus 14 bliana d’aois? Bhuel, seo anois do sheans!
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/03/E36F7DFDA6704A30BCC45B1AA7CF01BE.jpg)
Tá TG4 agus Adare Productions ag lorg an deichniúr amhránaithe nó na ndeich ngrúpa óga is fearr in Éirinn le bheith linn sa stiúideo agus a thabharfaidh aghaidh ar chéile féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision.
Is deis é seo, nach bhfaightear ach UAIR sa saol, do dhuine óg nó do ghrúpa cumasach le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar leibhéal IDIRNÁISIÚNTA.
Beidh na héisteachtaí ar siúl ar fud na tíre in Earrach 2024. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta JUNIOR EUROVISION 2024 a bheidh ar siúl sa Spáinn. Bíonn breis agus 7.5 milliún duine ar fud na hEorpa ag féachaint ar an seó seo agus is iontach an rud é a bheith páirteach ann.
Chun iarratas a dhéanamh níl uait ach guth den scoth. Is féidir le daoine aonair, beirteanna agus grúpaí suas go dtí seisear ar a mhéad iarratas a dhéanamh. Chun iarratas a dhéanamh níl ort ach mír 40 soicind den iarratasóir ag canadh a sheoladh chugainn.
Déan iarratas anois ar www.tg4.ie/junioreurovision
Nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn ar: 083 1322683 nó ar Ríomphost: junioreurovision@adareproductions.ie
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/03/421515F86E1F4DE7B042A8097CA0DDD0.jpg)