![](/wp-content/themes/yootheme/cache/6a/ceardlann-s-6a380266.jpeg)
Ceardlann Scríbhneoireachta ar Ábhar an Dinnseanchais
Ceardlann Scríbhneoireachta ar Ábhar an Dinnseanchais
Ar líne Léacht nó CaintAr-líne: Dé Luain, 10 Meitheamh 2024 ón 7 i.n. go 10 i.n (am na hÉireann)
Prós agus Filíocht
Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Cúirt Féile Idirnáisiúnta le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta
Dáta: Dé Luain, 10 Meitheamh 2024
Am: 19.00 – 22.00 (am na hÉireann) ar-líne trí Zoom
Stiúrthóirí na Ceardlainne:
Micheál Ó Ruairc agus Bríd Ní Mhóráin i gcomhar le Micheál Ó Conghaile
Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú ar-líne do scríbhneoirí Gaeilge ar an Luan 10 Meitheamh óna 7:00 i.n. go dtí a 10:00 i.n. Am na hÉireann. An téama a bheidh ag an gceardlann ná 'Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas'.
Cuireadh do scríbhneoirí iarratas a sheoladh isteach
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean, splancscéal nó aiste – gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Satharn 4 Meitheamh 2024.
Beidh spás d’ochtar nó mar sin ar an gceardlann.
Fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh.
Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile moccic22@outlook.com
nó Bridget Bhreathanch poibliocht@cic.ie
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307
Ríomhphost: moccic22@outlook.com
www.cic.ie