Cuisle an Chomhshaoil
Cuisle an Chomhshaoil
@ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ceol Léacht nó CaintPainéal cainte ar chúrsaí comhshaoil agus ar nósanna traidisiúnta, le seisiúin oscailte ina dhiaidh. Dé Domhnach 26ú Bealtaine, 2-4 a chlog, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheatrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Tá na ticéidí saor in aisce, ach caithfear iad a chur in áirithe ar suíomh Eventbrite: www.eventbrite.ie
Tá ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga, atá páirteach sa togra CLICA (Young Climate Campaigners) ag eagrú caint phoiblí. Comhrá spreagúil, idirghníomhach a bheidh i gceist le plé a dhéanamh ar chúrsaí timpeallachta agus comhshaoil.
Beidh fáilte roimh chách teacht agus éisteacht leis an bpaineál saineolaithe, gníomhaithe agus ealaíontóirí agus iad i mbun comhrá leis an Dr. Síle Denvir (DCU) & Eanna Hyland (Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil). Déanfar plé ar an gceangal atá againn lenár dtimpeallacht, agus muid ag díriú ar na nósanna atá againn mar phobal. I measc na gcainteoirí beidh:
Macdara Ó Cúig (Foras na Mara), an Dr.Ríonach Ní Néill (Ciotóg), agus an Dr. Seathrún Ó Tuairisg (Flóra Chois Fharraige).
Beidh ceol agus amhráin fite fuaite leis an gcomhrá agus déanfar iniúchadh ar an gcaidreamh atá ag na healaíona agus ár nósanna traidisiúnta leis an timpeallacht.
Tá súil ag na gníomhaithe óga go spreagfar cur agus cúiteamh i measc an lucht féachana agus bainfidh siad úsáid as na téamaí a thagann chun solais mar ábhar ionspioráide don chéad chéim eile sa togra.
Bígí ag súil le tae, plé agus cúpla stéimh! Beidh seisiún ceoil oscailte ann tar éis na hócáide agus beidh fáilte roimh chách.