![](/wp-content/themes/yootheme/cache/3a/gng-saoire-scaled-3a233dd8.jpeg)
Saoire Gaeltachta 2024
Saoire Gaeltachta 2024
@ Corca Dhuibhne
FéileTá an-áthas ar Ghlór na nGael go mbeimid ar ais i gCorca Dhuibhne don tSaoire bhliantúil Ghaeltachta. Beidh sí ar siúl idir an 10-17 Lúnasa 2024. Tugann an tSaoire deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo.
Chuireamar fáilte roimh tríocha a cúig teaghlaigh idir óg agus aosta an bhliain seo caite agus chonaiceamar roinnt teaghlaigh ó na glúnta siar ag teacht ar ais ar chuairt chugainn. Táimid ag súil go mbeidh an méid céanna nó níos mó linn i mbliana.
Tá roinnt imeachtaí curtha ar an gclár againn idir ceardlann ghrinn, turas chuig na Blascaodaí, ceardlann ealaíne, ceardlann dearadh bonnóga, spraoi ar an trá, ceardlann iomána, ceardlann scileanna peile, marcaíocht chapaill, turas chuig na Hurdy Gurdy’s agus i bhfad níos mó.
Deirtear linn gach bliain gur deis iontach í an tsaoire do na páistí mar go bhfeiceann siad go bhfuil an Ghaeilge beo agus á labhairt taobh amuigh den teach agus gur am iontach í chun comhluadar nua a dhéanamh i measc teaghlaigh lán-Ghaeilge.
Thar na blianta dúradh rudaí ar nós:
“Bhí an cadhcáil iontach! imeacht treoraithe go hiomlán trí Ghaeilge do na déagóirí.”
“Mo mholadh ó chroí uaim as ucht an chláir iontach spóirt is imeachtaí iontacha ar fad! Bhíos an-shásta leis na seisiúin go léir”
“Táimid fíor bhuíoch mar chlann de gach duine i nGlór na nGael.”
Cuirtear lóistín ar fáil don tseachtain idir Brú na Gráige agus Dún Cíomháin. Ar an drochuair tá an dá lóistín sin lán cheana, ach is féidir dul ar an liosta feithimh. Moltar do theaghlaigh ar mhaith leo teacht, tabhairt faoi lóistín a shocrú iad féin go luath mar bíonn an-éileamh ar lóistín sa cheantar ag an am sin den bhliain.
Is féidir clárú don tSaoire Gaeltachta anseo