![](/wp-content/themes/yootheme/cache/31/gaisce-ghlor-31633f0d.jpeg)
Gaisce Ghlór 2024
Gaisce Ghlór 2024
FéileBeidh an dúshlán Gaisce Ghlór do theaghlaigh faoi lán seoil i rith mí an Mheithimh agus Mí Iúil i mbliana. Is é seo an cheathrú bliain go bhfuil Gaisce Ghlór ar siúl ag an Rannóg Teaghlaigh, Teanga Tí agus tá muid ag súil go mór leis!
Den chéad uair i mbliana, beidh Gaisce Ghlór na nDéagóirí ar siúl idir 10-24 Meitheamh. Beidh ar na déagóirí deich dúshlán a bhaint amach thar an choicís sin. Tá duaiseanna One4All ar fáil do chúig dhéagóir a bhainfidh gach deich dúshlán amach. Nuair a bhainfear dúshlán amach, beidh ar an déagóir fianaise a chur suas ar Google Classroom, áit go ndeimheoidh Elaine an t-eolas.
Chomh maith leis sin, beidh Gaisce Ghlór do pháistí bunscoile ar siúl idir 1-22 Iúil. Beidh ar na teaghlaigh 15 dúshlán a bhaint amach thar tréimhse trí seachtaine (5 dhúshlán gach seachtain) agus beidh duaiseanna seachtainiúla ar fáil ar nós cluichí boird, leabhair srl
Is dúshlán spraíúil Gaisce Ghlór le teaghlaigh a spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile.
Is féidir déagóir a chlárú anseo: Gaisce Ghlór na nDéagóirí.
Is féidir teaghlaigh le páistí bunscoile clárú anseo: Gaisce Ghlór na bPáistí
Chomh maith leis sin féidir clárú le Elaine ag elaine@glornangael.ie le foirm chlárúcháin a fháil amach. Tá clárú agus rannpháirteachas saor in aisce.
Rachaidh obair na dteaghlach ar na meáin shóisialta, chomh maith le hacmhainní úsáideacha i rith na seachtaine.
Tá tuilleadh eolas ar fáil ag Elaine Dold - elaine@glornangael.ie / 085 165 5053