Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
martinez-agus-an-phortaingeil-le-cur-faoi-scrudu-den-chead-uair

Martinez agus an Phortaingéil le cur faoi scrúdú den chéad uair

| Padraic O Ciardha | ,

Níl foireann seo na Seice chomh maith is a bhí sna blianta roimhe seo ach tá an cumas inti dúshlán a thabhairt d’fhoireann láidir na Portaingéile

Martinez agus an Phortaingéil le cur faoi scrúdú den chéad uair

Rogha an Lae

Rachaidh an ceann deireanach de na foirne móra chun páirce anocht agus an Phortaingéil, rogha go leor daoine chun an chraobh a bhuachan, le haghaidh a thabhairt ar Phoblacht na Seice i Leipzig.

Cé go mbíonn dóchas ann i gcónaí sa Phortaingéil go ndéanfaidh an fhoireann an beart, tá an-mhisneach ann i mbliana go bhfuil na himreoirí ann chun cúnamh a thabhairt do Cristiano Ronaldo agus teacht i gcomharbacht air más gá.

Cé gur bhuaigh an Phortaingéil EURO 2016 faoi cheannas an iarbhainisteora, Fernando Santos, bhí lucht tacaíochta na foirne éirithe bréan den stíl imeartha chosantach a bhíodh in úsáid aige faoin am gur chlis ar an bhfoireann sna babhtaí ceathrú ceannais ag Corn an Domhain 2022.

Ba mhian le daoine go dtabharfaí deis níos mó do na tosaithe iontacha atá ag an bPortaingéil dul i bhfeidhm ar chluichí agus tá sé sin déanta ag Roberto Martinez ó tháinig sé isteach. Bhuaigh an Phortaingéil gach ceann de na deich gcluiche cáilithe a bhí acu, an t-aon fhoireann ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh, agus d’aimsigh siad 36 cúl sna cluichí sin, níos mó ná aon dream eile.

Níor ghéill an Phortaingéil ach dhá chúl ach an oiread, rud a léiríonn nach bhfuil dul ar an ionsaí amháin atá mar nós acu. Caithfear a rá, áfach, go raibh na foirne eile a bhí istigh leis an bPortaingéil sa ghrúpa cáilithe lag go maith agus tá ceist go fóill faoi chumas Martinez cluichí crua a bhuachan ag na comórtais mhóra. Bhí an Spáinneach i gceannas ar shárfhoireann na Beilge ar feadh sé bliana ach ba é an tríú háit a bhain siad amach ag Corn an Domhain sa Rúis buaicphointe na mblianta sin agus theip ar an mBeilg teacht slán óna ngrúpa i gCatar.

Cinnte beidh ceisteanna á gcur sa bPortaingéil má theipeann ar an bhfoireann Poblacht na Seice a shárú inniu ach, cé nach bhfuil siad chomh láidir le cuid de na foirne a tháinig rompu, ní foireann iontach lag í ceann seo na Seice.

Cúis mhór dóchais dóibh go bhfuil an tosach Patrik Schick, a d’aimsigh cúig chúl ag EURO 2020, ar fáil acu. Bhí Schick cráite ag gortuithe le dhá bhliain anuas ach má tá sé tagtha chuige féin, cuirfidh sé go mór le foireann na Seice. Is ó chiceanna cúinne agus ciceanna saora is mó a bheidh deis ag na Seicigh cúil a aimsiú. Tá Schick, imreoir West Ham Tomáš Souček, agus an cosantóir Ladislav Krejčí uile láidir san aer agus d’fhéadfadh siad deacrachtaí a chruthú don Phortaingéil ach ba cheart go mbeadh foireann Roberto Martinez sách maith chun teacht slán.

Cluichí
An Tuirc v An tSeoirsia – 5.00in (Grúpa F)
An Phortaingéil v Poblacht na Seice – 8.00in (Grúpa F)

Níos mó