An Rialtas 50,000 áitreabh ó sprioc leathanbhanda agus daoine fágtha gan eolas – Ó Cuív
Tá sé curtha i leith an Rialtais go bhfuil teipthe arís ar a bplean leathanbhanda agus go bhfuil 50,000 teaghlach níos lú ná mar a bhí beartaithe bainte amach ag clár Eir.
Dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur údar mór díomá iad figiúirí nua ón Roinn Cumarsáide, a léiríonn, dar leis, go bhfuil ag teip ar phlean leathanbhanda an Rialtais.
“Ba í an gheallúint ná go mbeadh 300,000 áitreabh déanta faoi dheireadh 2018. De réir freagra a fuair mé ón Aire Cumarsáide, a raibh conradh ag a roinn le Eir don soláthar seo, bhíothas 50,000 ón sprioc ag deireadh an chéad ráithe de 2019. Is é an tuiscint atá agamsa ar an scéal ná nach bhfuil an obair críochnaithe ar an 300,000 áitreabh mar a bhí geallta agus arís eile tá teipthe ar an Rialtas a chinntiú go gcomhlíonfaí in am conradh a rinne siad.
“Tá go leor daoine faoin tuath in Éirinn ag brath ar leathanbhanda ardluais dá slí bheatha agus tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí sin go sciobtha agus nach mbeadh aon mhoill mhór leis an soláthar.
Dúirt Ó Cuív gur údar mór díomá a laghad eolais atá ar fáil faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean náisiúnta leathanbhanda ó chinn an Rialtas mí Bealtaine dul ar aghaidh leis.
Mhaígh Ó Cuív nár tugadh aon eolas beacht ná soiléir dó mar fhreagra ar shraith ceisteanna a chuir sé i dtaobh an phlean nua.
D’iarr sé eolas faoi cathain a bheadh an conradh deireanach do sholáthar an phlean á shíneadh. D’fhiafraigh sé chomh maith den aire cén uair a dhéanfaidh an conraitheoir mionchur síos ar an gclár oibre a bheidh acu agus cathain a thosófar an scéim.
“Bhí an freagra ar na ceisteanna pointeáilte sin go léir an-doiléir agus ní dúirt an tAire ach ‘a period of final due diligence on all elements of the contract is part of the normal conclusion of a procurement process’.
“Tá fhios agam go maith gur gá ‘due diligence’, ach faraor ní shin í an cheist a chuir mé agus níor tugadh aon fhreagra ar an gceist a chuir mé faoi cathain go díreach a fheicfear daoine amuigh ag obair ar sholáthar leathanbhanda don 300,000 áitreabh faoin tuath a bhfuil geallta ag an rialtas arís agus arís eile go mbeidh an tseirbhís riachtanach seo ar fáil iontu,” arsa an Teachta Dála Gaeltachta ó Fhianna Fáil.
Maidir leis an scála ama a bhainfeadh leis an obair, dúirt an Aire Cumarsáide Richard Bruton ina fhreagra ar cheist Uí Chuív go mbeadh ar a laghad roinnt míonna réamhullmhúcháin i gceist agus go rabhthas ag súil go mbeadh an conradh á shíniú níos déanaí i mbliana. Chuirfí tús le cur i bhfeidhm an chonartha agus leis an obair ar an bplean náisiúnta leathanbhanda “go luath ina dhiaidh sin”.
Dúirt Ó Cuív nárbh ionann an t-eolas sin agus clár ama cinnte.
“Tá daoine fós gan aon eolas acu faoi cén clár oibre atá ann nó faoi cathain a bheidh leathanbhanda acu faoin bplean seo,” arsa Ó Cuív.