Oifigeach Cléireachais
Foras na Gaeilge
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.
Oifigeach Cléireachais (Painéal Buan)
Tagairt: OCFNG/0524
Tá painéal á chur le chéile as a líonfar folúntais bhuana as seo go ceann bliana ach acmhainn a bheith ann chuige sin. Na hoifigí atá san áireamh ná Baile Átha Cliath, agus Co. na Mí.
Is é an tuarastal don phost seo ná €30,088 – €44,738*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.
Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais
Is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó: https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/foluntais/
T: +353 (01) 639 8400 R: poist@forasnagaeilge.ie
SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF/JPG de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé Luain 22 Iúil 2024 chuig: poist@forasnagaeilge.ie
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |