Oifigeach Togra (SATCOMM) (Sustainable Atlantic Communities)
Údaras na Gaeltachta
Tá folúntas d’innealtóir ag Údarás na Gaeltachta ar bhunús conradh sainchuspóra suas le 3 bliana. Beidh an post lonnaithe in Oifig Réigiúnach an Deiscirt, An Daingean, Co. Chiarraí. I gcomhar le páirtnéirí eile Eorpacha, tá Údarás na Gaeltachta páirteach sa togra SATCOMM (Sustainable Atlantic Communities). Is í an phríomhaidhm atá ag Satcomm ná cumasú a dhéanamh ar phobail fuinnimh i gceithre thír (Éire, An Spáinn, An Fhrainc agus an Phortaingéil) aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite trí a gcuid fuinnimh féin a ghiniúint agus an fuinneamh sin a roinnt idir bhaill Phobal Fuinnimh. An Ról: Mar chuid d’fheidhmiú an togra seo, tá post á thairiscint d’innealtóir cáilithe mar Oifigeach Togra ar bhunús conartha sainchuspóra.
Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie
Spriocdháta d’iarratais: 31 Bealtaine 2024 16:00
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |