Ollamh Cúnta le Gaeilge
Ollscoil Luimnigh
Ollamh Cúnta le Gaeilge (An Nua-Ghaeilge Mhoch go dtí an t-am i láthair)
Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Ollamh Cúnta le Gaeilge (An Nua-Ghaeilge Mhoch go dtí an t-am i láthair) – Cineál Conartha: Téarma Tionachta (cúig bliana ar théarma socraithe). Beidh an deis ag an té a cheapfar iarratas a dhéanamh ar thionacht de réir Pholasaí agus Nósanna Imeachta na hOllscoile maidir le Stádas Ilbhliantúil a thabhairt don Fhoireann Acadúil ar Théarma Tionachta Policy and Procedures for Granting Multi-annual Status to Tenure Track Academic Staff
Scála Tuarastail: €46,455 – €63,332 sa bhliain
Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh le:
Yvonne Cleary
Ceann Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide,
Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: Yvonne.Cleary@ul.ie
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte Dé Luain, 8ú Iúil 2024.
Ní mór iarratas a bheith déanta ar líne roimh 12 meán lae, am na hÉireann ar an spriocdháta.
Tacaíonn Ollscoil Luimnigh le hobair chumaisc
Ba cheart a dheimhniú go bhfuil cead agat a bheith ag obair in Éirinn. Ní féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cead acu a bheith ag obair in Éirinn.
Ní mór an méid seo a leanas a bheith le d’iarratas:
Litir chur in aithne a dhéanann cur síos ar an gcaoi a gcomhlíonann tú na critéir i sonraíocht an phoist.
Foirm Iarratais ar líne chomhlánaithe (ní mór foirm iarratais ar leithligh a líonadh do gach post a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith).
Seol ríomhphost chuig erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacracht agat.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |