![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F03%2Fimage001-1.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=d03bec3e)
An Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne)
An Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne)
RangTá áthas ar Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, go mbeidh An Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne) – á thairiscint arís i mí Mheán Fómhair 2022.
Cúrsa páirtaimseartha bliana ar líne atá anseo atá oiriúnach dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge aon áit ar domhan bíodh na ranganna sin á múineadh ar líne nó sa seomra ranga traidisiúnta. Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh 30 uair an chloig cleachtadh teagaisc le déanamh ag rannpháirtithe mar chuid den chúrsa chomh maith i suíomh aosoideachais. Beidh deis ag rannpháirtithe an chúrsa a bheith ag obair le meantóir a thabharfaidh cabhair agus aiseolas dóibh maidir lena gcuid teagaisc.
Tá tuilleadh eolais anseo mar gheall ar an gcúrsa agus mar gheall ar an bpróiseas iontrála.
Is é an 27 Bealtaine an spriocdháta d’iarratais.