Caint: An Clóliosta agus an Ghaeilge: liosta de phriontaí i nGaeilge idir 1571 agus 1871
Caint: An Clóliosta agus an Ghaeilge: liosta de phriontaí i nGaeilge idir 1571 agus 1871
Ar líne Seachtain na Gaeilge le EnergiaBeidh caint ar líne i nGaeilge ar siúl faoin gClóliosta agus an Ghaeilge ar an Máirt, an 15ú Márta, mar chuid de cheiliúradh Seachtain na Gaeilge sa Leabharlann Náisiúnta. Séard atá sa Chlóliosta ná liosta de na priontaí ar fad a bhfuil Gaeilge iontu ó thosach phriontáil i nGaeilge i 1571 ar aghaidh go dtí 1871. Is iad an tOllamh Richard Sharpe agus an tOllamh Mícheál Hoyne a chuir le chéile an leabharliosta. Is tábhachtach an saothar é don ghnáthduine a bhfuil suim aige san ábhar seo agus do scoláirí na Gaeilge araon. Beidh Máire Ní Chonalláin, Coimeádaí Cúnta sa Leabharlann, ag déanamh cur síos ar an bhfoilseachán tábhachtach seo agus an pháirt a bhí ag catalóg na Leabharlainne Náisiúnta i gcur le chéile an leabhar liosta. Tá súil againn go mbeidh tú in ann freastal ar an gcaint seo.
https://nli.ticketsolve.com/shows/1173622403/events