![](/wp-content/themes/yootheme/cache/32/Screen-Shot-2021-08-29-at-14.47.56-copy-32aaeee5.png)
Ceiliúradh LDN 125
Ceiliúradh LDN 125
Ar líne Siamsaíocht Agus EalaínAn fómhar seo cuirfidh Conradh na Gaeilge i Londain sraith imeachtaí ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliana ó tharla an chéad chruinniú den chraobh i Londain.
Cuirfear tús leis an tsraith imeachtaí ar 24 Meán Fómhair, le seoladh na sraithe agus caint ar stair na craoibhe. Leis sin, tabharfar sonraí maidir le comórtas ealaíne agus an breitheamh speisialta a roghnóidh na buaiteoirí. Beidh an t-imeacht seo ar líne, oscailte do chách, agus dátheangach.
Ina dhiaidh sin, beidh neart imeachtaí speisialta ag teacht aníos, lena n-áirítear:
• léachtaí ar líne ar ról na Gaeilge sa lá atá inniu ann
• léiriú scannáin sa London Irish Centre
• ceiliúradh speisialta ar 9 Samhain
• bileoga eolais ar bhaill stairiúla na craoibhe