![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F10%2FPhoto-1-Samhain-.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=e003edfc)
Coiscéimeanna na Coille
Coiscéimeanna na Coille
@ Sliabh gCuillinn
Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus EalaínCoiscéimeanna na Coille ag filleadh ar Shliabh gCuillinn le hEispéireas Draíochtúil na Samhna
An bhfuil tú cróga go leor chun na Coiscéimeanna diamhara a leanstan?
Beidh an Oll-Eachtra dheiridh de chuid Visit Mourne 2022 – ‘Coiscéimeanna na Coille’ ar siúl i bPáirc Foraoise Shliabh gCuillinn ón Déardaoin 27 go dtí an Luan 31 Deireadh Fómhair.
Déanfaidh an t-eispéireas tumthach seo fá choinne Oíche Shamhna ceiliúradh ar an fhéile Ghaelach darb ainm “Samhain”, a cheanglaíonn deireadh aimsir an fhómhair agus tús an gheimhridh. Tá an imeacht seo stiúrtha ag an scríbhneoir, taibheoir agus bean de bhunadh an Iúir, Rozlyn Sheridan. Rachaidh cuairteoirí ar turas go dtí an saol osnádúrtha, le foghlaim faoi bhunús Ceilteach Oíche Samhna.
Treoróidh carachtair i gcultacha tú ar chonair dar teideal ‘Filleadh an Gheimhridh’ agus tú ag iarraidh fathach Shliabh gCuillinn a choinneáil ina choladh. Ar an chosán scáthmhar, bí ag faire amach don Phúca, Jack O Lantern agus Beara, an chailleach cháiliúil, a rinne feall ar Fhionn Mac Cumhaill trí iarraidh air léim isteach sa loch chun a fáinne óir a aimsiú, chun go bhfillfeadh sé mar sheanfhear céasta. Chomh maith le carachtair scanrúla beidh soilse iontacha, scéalaíocht mhiotasach agus go leor tascanna le cur i gcrích ag na páistí ar an bhealach.
Is imeacht saor in aisce é Coiscéimeanna na Coille ach caithfear áit a chur in áirithe. Beidh ticéid ar fáil ar an Aoine 14 Deireadh Fómhair ar shuíomh gréasáin Visit Mourne: visitmournemountains.co.uk mar sin moltar go leantar leathanaigh mheán sóisialta de chuid Visit Mourne le meabhrúcháin agus eolas nua a fheiceáil. Tá eolas ar shuíomh gréasáin Visit Mourne fosta maidir le lóistín, áiteanna le hithe agus rudaí le déanamh i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin – cén fáth nach nglacfá sos sa cheantar!
Tuilleadh eolais anseo