Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Comhdháil na Luathbhlianta – Gaeloideachas

Comhdháil na Luathbhlianta – Gaeloideachas

Coláiste na hOllscoile

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

    Comhdháil na Luathbhlianta – Gaeloideachas

    @ Coláiste na hOllscoile

    Léacht nó Caint  

    Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Comhdháil na Luathbhlianta Gaeloideachas 2023 ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar an 30 Meán Fómhair 2023.

    Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo. Níl aon chostas i gceist agus tá sé oscailte d’éinne atá ag obair i naíonra. Is féidir clárú le freastal thíos.

    Téama agus Clár

    Sealbhú Teanga sa Naíonra a bheidh mar théama. Seo thíos clár ama an lae.

    10.30-11.00: Clárúchán

    11.00-12.00: Pléphainéal ‘Sealbhú Teanga sa suíomh Luathbhlianta’

    Aisling Breathnach (Cathaoirleach)
    Tá baint ag Aisling Breathnach le ceannaireacht, bainistíocht agus meantóireacht Naíonraí agus oideachas na luath-óige le breis agus scór bliain anuas agus le déanaí tá ról bainte amach aici mar Speisialtóir Foghlama agus Forbartha Luathbhlianta Gaeilge le Tús Níos Fearr (Better Start) agus Pobal. Tá céim sa Luathoideachas agus Cúram aici, chomh maith le Máistreacht sa Cheannaireacht agus san Abhcóideacht. Tiomáineann a saineolas mar léachtóir agus mar oiliúnóir i modúil amhail ‘Luathbhlianta sa Naíonra’ agus ‘Spraoi, Teanga agus Foghlaim’, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é a misean an dátheangachas a chur chun cinn agus sealbhú na teanga a fheabhsú i measc foghlaimeoirí óga i suíomhanna luath-óige. Is í an sprioc atá aici ná todhchaí a chinntiú do na leanaí seo.

    An Dr T.J. Ó Ceallaigh
    Is Léachtóir Sinsearach/Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh é an Dr T.J. Ó Ceallaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair agus an measúnú a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus dátheangacha.

    An Dr Ciara O’Toole
    Is Léachtóir Teiripe Urlabhra agus Teanga í an Dr Ciara O’Toole leis an Roinn Eolaíochtaí Urlabhra agus Éisteachta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá a spéiseanna teagaisc agus taighde i réimse na forbartha cumarsáide péidiatraí agus neamhoird. Tá suim ar leith aici i sealbhú dátheangach na teanga, go háirithe le leanaí atá ag sealbhú na Gaeilge mar chéad/dara teanga agus i bhforbairt teanga na bpáistí atá faoi mhíchumas intleachta.

    Jen Uí Dhuibhir
    Is Múinteoir Bunscoile í Jen Uí Dhuibhir le sé bhliain is fiche de thaithí sa Tumoideachas. Tógadh i nGaeltacht na nDéise i gCo. Phort Láirge í. Tá sí cáilithe mar áisitheoir Aistear ag an gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus Measúnachta (CNCM). Reáchtáil sí ceardlanna agus cúrsaí ar Chreatchuraclam na Luath-Óige d’Ionad na Múinteoirí Phort Láirge. Bhain sí céim Mháistreacht amach san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i 2020. Ina cuid taighde soilsíodh na dea-chleachtais atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an mBéarla i ranganna na naíonán mór i Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. I láthair na huaire múineann sí i Scoil Lán-Ghaeilge i nDún Garbhán ag teagasc páistí i rang na naíonán mór ina bhfuil an Luath-thumoideachais Iomlán (LTI) i bhfeidhm.

    Máire Uí Chonghaile
    Eolas le teacht.

    12.00-13.00: Ceardlann 1 – An Rince & An Ceol sa Naíonra

    Is iarstiúrthóir Naíonra í Máire Uí Mhurchú, atá anois ag obair go páirtaimseartha le hInstitiúid Oideachais Marino ar an chéim luathbhlianta, ag díriú ar luath-thumoideachas agus sealbhú teanga. Tá sí mar chuid den grúpa oibre atá faoi láthair ag déanamh uasdátú ar Aistear. Tá sí, freisin, cáilithe mar mhúinteoir rince agus déanann sí moltóireacht ag fleadhanna agus an Oireachtais.

    Cur síos ar an gceardlann: Forbairt éisteachta: Páistí ag éisteacht le rithimí éagsúla agus ag déanamh aithris orthu, simplí agus níos casta. Forbairt Gluaiseachta/ Bogadh: Páistí ag foghlaim gluaiseachtaí simplí agus níos casta agus iad a dhéanamh in am le ceol. Forbairt ar chomhordú idir baill den chorp; Forbairt ar threoir a leanúint agus ábhar a thabhairt ar ais chun chuimhne; Taitneamh a bhaint as rince agus ceol.

    13.00-14.00: Lón

    14.00-15.00: Ceardlann 2 – An Fhorbairt Urlabhra & Teanga sa Naíonra

    Is as An Spidéal i gContae na Gaillimhe ó dhúchas d’Áine Ní Dhomhnaill. Is Teiripeoir Urlabhra agus Teanga í a bhíonn ag obair le páistí. Tá sí ag obair i nGaeltacht Chonamara le dhá bhliain anuas. Tá neart taithí faighte aici ag obair le páistí, a dteaghlaigh agus le Gaelscoileanna sa cheantar. Tá Áine ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i láthair na huaire.

    Cur síos ar an gceardlann: Sa cheardlann seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun tacú le páistí sa naíonra a bhfuil deacrachtaí urlabhra agus teanga acu. Cabhróidh an cheardlann seo leat tuiscint níos fearr a fháil ar:

    * Gnáthfhorbairt urlabhra agus teanga
    * Cén chaoi páiste atá ag streachailt a aithint.
    * Cén chaoi leas a bhaint as na Seirbhísí Urlabhra agus Teanga
    * Na bealaí ar féidir leat tacú le scoláirí a bhfuil deacrachtaí Urlabhra agus Teanga acu.

    Beidh an cheardlann seo feiliúnach do chuile mhúinteoir naíonra.

    15.00-16.00: Ceardlann 3 – Scéalaíocht sa Naíonra

    Rugadh Muireann Ní Chíobháin i gCorcaigh agus tógadh idir cathair Chorcaí agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne í. Tá a saol gairmiúil caite aici ag plé leis an gcraoltóireacht agus an fhoilsitheoireacht i nGaeilge agus i mBéarla. Cé go mbíonn sí ag scríobh do réimse leathan seánraí, is ar an aos óg go príomha atá a cuid saothar dírithe.

    Cur síos ar an gceardlann: Beidh Muireann ag múineadh scileanna nua scéalaíochta agus drámaíochta daoibh, bunaithe ar a cuid saothair féin.

    Eagraí

    Gaeloideachas018535195