![](/wp-content/themes/yootheme/cache/ed/Copy-of-Tosca-Art-Deco-Classical-Music-Concert-Poster--edbe6682.png)
Corr na gCruite
Corr na gCruite
@ Scoil Corr na gCoillte
Seachtain na Gaeilge le EnergiaBígí linn ar an 7ú Márta fá choinne ceolchoirm Corr na gCruite le haghaidh Seachtain na Gaeilge ag céiliúradh ceol na cruite, an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann le ceoltóir, cruiteoir agus amhránaí Hannah Nic Eindrí.
Tá an imeacht seo saor in aisce ach tá ort ticéid a chur in áirithe roimh ré anseo.
Tosnaíonn an imeacht ag 7:30in sa Scoil Corr na gCoillte i dTigh Damhnata Co.Mhuineacháin. Beidh ceol na cruite, dántaí, amhránaíocht ar fáil san oíche. Chomh maith leis sin, beidh sólaistí ar fáil. Is imeacht dátheangach é an cheolchoirm seo.
Tá an imeacht seo urraithe ag Muineachán le Gaeilge, Ciorcal Comhrá na Botha agus Conradh na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.