‘ Gan Focal : Frugal Speech ‘ – Gabriel Fitzmaurice
‘ Gan Focal : Frugal Speech ‘ – Gabriel Fitzmaurice
@ Amharclann agus Ionad Ealaíona Naomh Eoin
Seachtain na Gaeilge le Energia SeoladhRoinnt blianta ó shin, chuir Gabriel Fitzmaurice trí leabhar Gaeluinne i gcló chomh maith le cúpla leabhar filíochta don aos óg. Fáiltíodh roimh “neamhspleáchas an ghutha nua seo sa Ghaeilge” in Comhar ag an am. Tá na leabhair sin as cló le fada.
Anois tá fiche des na dánta sin roghnaithe ag an údar le cur i gcló arís sa leabhar seo. Chomh maith leis sin tá na dánta aistrithe go Béarla aige.
Sna dánta seo pléann an file cúrsaí grá, polaitíocht, crá chroí, creideamh, ceol agus filíocht i nguth úrnua cé go bhfuil na dánta cumtha i bhfoirm thraidisiúnta.
Maisithe ag Brenda Fitzmaurice tabharfaidh na dánta seo pléisiúr láithreach don léitheoir, cé go gcuirfidh siad ag machnamh freisin é.
Some years ago Gabriel Fitzmaurice published three books of poetry in Irish along with a couple of poetry books, also in Irish, for children. They were welcomed for the independence of this new voice in Irish poetry. These books are long out of print.
Now, Fitzmaurice has chosen twenty of these poems to be reprinted in this book. He has also translated them into English.
In these poems he deals with love, politics, angst, faith, music and poetry in a voice that is at once traditional and new.
Illustrated by Brenda Fitzmaurice these poems will bring immediate pleasure to the reader while at the same time making him ponder what is being said.
Is é Dara Ó Cinnéide (RTÉ RnaG) a sheolfaidh an leabhar go h-oifigiúil agus beidh an ceoltóir Risteárd Ó Cathasaigh ag cur an tsiamsaíocht ar fáil ar an mbosca ceoil. Is é Seosamh Ó Murchú (nó Vicar Joe mar is fearr aithne air) a bheidh ina fhear an tí ar an oíche. Seolfar taispeántas ealaíne le Brenda Fitzmaurice ar an oíche freisin. Tá saor chead isteach chuig an ócáid seo agus fáilte roimh chách.
Tuilleadh eolais anseo: www.stjohnstheatre.ie