![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F03%2Fmacconmara.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=b83a6f99)
“I gCónaí san Fheasacht: Cogadh na Saoirse – Cuimhne agus Stair.”
“I gCónaí san Fheasacht: Cogadh na Saoirse – Cuimhne agus Stair.”
Ar líne Léacht nó CaintCaint dheireanach i Sraith Cainteanna Dhaonscoil na Mumhan
Beidh an caint dheireanach i sraith cainteanna arlíne atá á n-eagrú ag Daonscoil na Mumhan don gheimhreadh ar siúl tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 5 Aibreán óna 7-8.00i.n. Is é an Dr. Tomás Mac Conmara a bheidh mar aoichainteoir agus é ag labhairt faoin teideal “I gCónaí san Fheasacht: Cogadh na Saoirse - Cuimhne agus Stair.”
Is Cláiríneach ó Thuaim Gréine in Oirthear an Chláir é Tomás Mac Conmara, staraí béil agus údar a bhfuil gradaim bronnta air de bharr a chuid oibre. Thosaigh sé ag taifead stair ó bhéal nuair a bhí sé ina dhéagóir agus bhronn Ollscoil Luimnigh PhD air sa bhliain 2015 de bharr a chuid oibre ar chuimhne sóisialta Chogadh na Saoirse. Sa bhliain 2016 agus muid i mbun chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, bhí Tomás mar cheann de na daoine ar bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gradam speisialta orthu de bharr a bhfuil déanta aige ar son chultúr na hÉireann. Is Stiúrthóir é ar ‘Mac Conmara Heritage Consulting’, ag stiúradh tograí cultúrtha do Uiscebhealaí Éireann, Óglaigh na hÉireann agus údaráis áitiúla. Chomh maith leis sin, tá ról bainistíochta aige leis an Cork Folklore Project. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Days of Hunger: the Clare Volunteers and the Mountjoy Hunger Strike of 1917; The Time of the Tans agus The Scariff Martyrs, War, Murder and Memory in East Clare, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021.
Muna bhfuil sé déanta agat cheana, is féidir clárú ar líne don chaint seo tríd an suíomh idirlíon www.daonscoilnamumhan.com.
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ag www.daonscoilnamumhan.com. Ag súil go mór sibh a fheiscint ar líne.