LÉACHT – MÍCHEÁL Ó MAINNÍN
LÉACHT – MÍCHEÁL Ó MAINNÍN
@ Aonach Mhacha
Léacht nó Caint‘Tírdhreach teangeolaíochta chathair Ard Mhacha san am atá caite agus san am i láthair’
Tá an staidéar ar an tírdhreach teangeolaíochta tagtha chun cinn mar réimse suntasach i staidéar teanga le blianta beaga anuas agus cuireadh i bhfeidhm é i gcomhthéacsanna éagsúla ar fud an domhain. Baineann sé le teanga na comharthaíochtaí poiblí agus le húsáid an teanga i spás poiblí. Mar gheall ar fhás Ard Mhacha thar na céadta bliana , tá úsáid ainmneacha Béarla agus Gaeilge araon i gcruthú a tírdhreach uirbeach agus amharcann an léacht seo ar a ainmneacha sráise is suntasaí ó thaobh a mbunús teangeolaíochta de. Díreofar aird ar thrí ainm sráide ar léith suite i gcroílár na cathrach (Irish, English and scotch Street) mar go bhféadfadh baint a bheith acu leis an topagrafaíocht den lonnaíocht na meánaoise.
Beidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Ollscoil na Banríona linn in Aonach Mhacha ar an 3ú Samhain ar 6:30pm.