Oíche Amhránaíochta, Cheoil agus Scéalaíochta trí Ghaeilge le Oidhreacht an Chláir
Oíche Amhránaíochta, Cheoil agus Scéalaíochta trí Ghaeilge le Oidhreacht an Chláir
@ Áras OaC
Siamsaíocht Agus EalaínRogha leathan d'Amhráin Ghaeilge Iarthar an Chláir, idir shean agus nua, agus an ceol agus seanchas a ghabhann leo, á gcasadh agus á gcur i láthair ag Diarmuid de Faoite, Therese McInerney, Emer O Flaherty, agus Edel Vaughan.
De bhun taighde atá déanta aige le tamall, faoi thogra atá maoinithe ag Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) agus Oifig Ealaíon an Chláir, tá os cionn 100 amhrán as Gaeilge ó Chontae an Chláir aimsithe ag Diarmuid de Faoite . Casfar rogha maith díobh sin ar an oíche, cuid mhaith le tionlacan, seinnfear ceol, agus inseofar scéalta a bhaineann leo agus leis an gceantar.
Seo seans do phobal an cheantair léargas nua a fháil ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta Ghaeilge an Chláir, atá ligthe i ndearmad beagnach go hiomlán, trí amhráin Ghaeilge (idir shean agus nua) a bhaineann le hIarthar an Chláir a chlos don chéad uair le fada.