![](/wp-content/themes/yootheme/cache/27/Roise-Frank-1400x660-1-27f817fa.png)
Róise & Frank
Róise & Frank
Seoladh Siamsaíocht Agus EalaínTá ríméad ar BREAK OUT PICTURES eisiúint Róise & Frank, scannán Éireannach a bhfuil gradaim buaite aige, a fhógair i bpictiúrlanna ar fud na tíre ar an 16 Meán Fómhair
Bhí an-tóir ar Róise & Frank ag na féilte le roinnt míonna anuas. Taispeánadh é ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus tá go leor gradam buaite aige lena n-áirítear an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus gradam Rogha an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Santa Barbara agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma araon.
Tá an scannán suite in Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge, áit a ndearnadh é a scannánú freisin, agus baineann sé le Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach mná atá ag streacailt go mór ó bhásaigh a fear céile, Frank, le déanaí. Is beag baint atá ag Róise anois leis an saol mór agus lena muintir, le teann bróin agus uaignis. Ach nuair a thagann madra fáin ar an láthair gan choinne, a leanann gach cor a dhéanann sí, tagann beocht i Róise arís agus í den tuairim gurb é a fear céile féin atá ar ais i bhfoirm an mhadra seo agus cuireann sí muinín i gcumhacht shíoraí na beatha chun leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim dhóchasach eile.
Is scéal croíúil é Róise & Frank, scéal madraí giobacha, scéal a bhaineann le baintreach atá faoi mhéala, le cluiche náisiúnta na hiomána agus le léaró dóchais a aimsiú san áit is duairce, agus is scéal é atá ag mealladh croí an lucht féachana cibé áit ina bhféachtar air.
Tá Cillian Ó Gairbhí i bpáirt Alan Cranitch, mac Róise, sa scannán agus tá páirt freisin ag Ruadhán de Faoite, aisteoir óg nua as Rinn Ó gCuanach.
Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh agus a stiúir Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail Mhacalla Teoranta (Arracht) a léirigh. Fís Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann a mhaoinigh an scannán seo mar chuid de scéim Cine4.
Maidir le heisiúint an scannáin atá ar na bacáin, dúirt na stiúrthóirí Peter Murphy agus Rachael Moriarty go bhfuil “an-áthas orthu go mbeidh Róise & Frank le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann san Fhómhar i mbliana. Thaitin scéal Róise, an mhadra agus na hiomána go mór leis an lucht féachana idirnáisiúnta, agus mar sin, tá súil againn go dtaitneoidh sé le lucht féachana na tíre seo chomh maith!”
Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig emfagan@gmail.com
Tuilleadh eolais anseo.