![](/wp-content/themes/yootheme/cache/78/MSC-sa-Bhainistiocht-agus-Gno-Digiteach-image-2022-784c7b25.jpeg)
Seisiún eolais faoi chúrsa máistreachta sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU
Seisiún eolais faoi chúrsa máistreachta sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU
@ Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Léacht nó CaintSeisiún eolais faoi chúrsa máistreachta sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU in Uíbh Ráthach
Beidh seisíun eolais á reáchtáil ag foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU ar an 25 Meitheamh don chúrsa máistreachta MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach.
Beidh an seisiún ar siúl in oifigí Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh V23 R894.
Is MSc páirtaimseartha atá ann.
Múintear an cúrsa thar dhá bhliain:
3 dheireadh seachtaine sa seiméastar:
- 2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
- deireadh seachtaine amháin ar champas DCU i mBaile Átha Cliath.
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.
Beidh an seisiún seo oiriúnach don té a bhfuil suim acu i gcúrsaí gnó, i dteicneolaíochtaí nua ar nós AI agus dóibh siúd nár bhain triail as na teicneolaíochtaí seo go fóill.
CLÁR AN LAE:
• 18:00 - 18:30 Fáiltiú & Bun-eolas faoin MSc (An Dr Eoghan Mac Conaill Óig)
• 18:30- 19:00 Aoichaint mar gheall ar úsáid an AI (An Dr Pádraig Ó Catháin / An Dr Mícheál J. Ó Meachair)
• 19:00 - 19:30 Sos
• 19:30 - 20:00 Ceisteanna & plé
Fáilte roimh chách!
Táimid ag iarraidh ort clárú don seisiún chun go mbeadh tuairim againn faoi cé mhéad duine a bheidh ag teacht.
Cláraigh ANSEO le do thoil.