Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
@ Inis Meáin, Oileán Árann
Siamsaíocht Agus EalaínBain lán do shúl as áilleacht Inis Meáin agus foghlaim faoin réimse leathan bláthanna fiáine a fhásann ann.
Ar an tsiúlóid seo in éindí le hAedín Ní Thiarnaigh, gheobhaidh rannpháirtithe léargas siamsúil, bríomhar ar bhláthanna fiáine Inis Meáin. Tabharfar leideanna maidir le conas bláthanna éagsúla a aithint, pléifear an béaloideas a bhaineann leo agus roinnfear eolas maidir le húsáidí na bplandaí sa chócaireacht, sa leigheas agus sa cheardaíocht.