SPRAOI Raidió na Life
SPRAOI Raidió na Life
@ Raidió na Life
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínCeachtanna spraíúla ó Raidió na Life do pháistí bunscoile
Tá Raidió na Life ag cur an ‘Spraoi’ isteach i gceachtanna trí Ghaeilge do pháistí scoile an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, agus glúin nua de láithreoirí raidió Gaeilge á spreagadh chun an teanga a labhairt ar na haerthonnta!
Mar chuid den tionscadal seo, tá sraith spraíúil d’acmhainní foghlama ar líne á cur ar fáil ag Raidió na Life saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus do scoileanna nach Gaelscoileanna iad freisin. Beidh scileanna raidió á múineadh do pháistí agus an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach spraíúil, taitneamhach, a mheallfaidh an ghlúin óg seo chun an teanga a úsáid agus iad ina réaltaí raidió!
Is tionscadal é SPRAOI Raidió na Life a thugann deis do pháistí bunscoile an Ghaeilge a úsaid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil. Tugann sé ardán freisin do pháistí a gcuid guthanna a bheith le cloisteáil ar an raidió. Bíonn deis ag na páistí cur lena gcuid scileanna cumarsáide; cur lena gcuid féinmhuiníne; an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhach agus spreagúil, agus ábhar raidió a thaifeadadh le craoladh ar Raidió na Life 106.4FM.
Tá na hacmhainní foghlama ar líne á gcur ar fáil saor in aisce le húsáid sa rang scoile. Níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig spraoi@raidionalife.ie le rochtain a fháil ar na hacmhainní foghlama! Le tacaíocht ó fhoireann SPRAOI, is féidir le múinteoirí taifeadadh a dhéanamh leis na páistí sa seomra ranga nó sa chlós scoile, agus craolfar na taifeadtaí seo ar Raidió na Life don saol mór le cloisteáil!
Tá tionscadal SPRAOI forbartha le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann, leis an táille ceadúnais teilifíse, agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.