Spriocdháta Iontrála: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2023
Spriocdháta Iontrála: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2023
ComórtasTá tríocha haon (31) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus sé déag (16) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí ar an siollabas comórtais: úrscéal; gearrscéal; ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta; prós; filíocht; iriseoireacht; greannán; agus drámaíocht ina measc.
SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA: 1 Iúil 2023
Is féidir iarratas a chur isteach ar líne anseo nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2023, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, H91 XP6E.