![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F11%2FMadame_Lazare_EVENTsq-1.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=7e439036)
Tadhg Mac Dhonnagáin i mbun comhrá le Doireann ní Ghríofa
Tadhg Mac Dhonnagáin i mbun comhrá le Doireann ní Ghríofa
@ Kennys Bookshop & Art Gallery
Léacht nó CaintBeidh an údar Tadhg Mac Dhonnagáin i Siopa Leabhar Uí Chionnaith i mbun comhrá le Doireann Ní Ghríofa ar an 18ú Samhain, agus muid ag ceiliúradh an Aitheantais Speisialta a fuair a úrscéal Madame Lazare ó Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh.
In 2022, ainmníodh Madame Lazare le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh, gradam bliantúil a dhéanann ceiliúradh ar scoth na n-údar ficsin atá ag teacht chun cinn san Eoraip. Bhí 41 leabhar san iomaíocht i mbliana; bronnadh mórdhuais ar leabhar amháin acu sin agus tugadh aitheantas speisialta do chúig leabhar eile i ngeall ar a bhfeabhas mar shaothair litríochta agus i ngeall ar an gcumas atá iontu teorainneacha a thrasnú. Bhí Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin i measc na leabhar ar tugadh an t-aitheantas speisialta seo dóibh, an t-aon úrscéal Gaeilge a ainmníodh riamh don ghradam.
Is údar, scríbhneoir scripte agus cumadóir amhrán é Tadhg Mac Dhonnagáin, a bhfuil roinnt mhaith gradam bainte aige thar na blianta. Is i nGaeilge is mó a scríobhann sé. Is scríbhneoir dátheangach í Doireann Ní Ghríofa, a bhfuil moladh na léirmheastóirí agus an phobail faighte aici do na sé chnuasach filíochta óna peann, mar aon lena leabhar A Ghost in the Throat, a bhuaigh Duais James Tait Black agus a ainmníodh mar Leabhar na Bliana ag Gradaim Leabhar An Post in 2020.