Tae agus Plé
Tae agus Plé
@ An Charraig Rua
Seachtain na Gaeilge le EnergiaTabharfar an deis do phobal na Carraige Rua teacht le chéile tar éis an Aifrinn ar an 13 Márta 2022 fá choinne cupán tae, comhluadar deas agus comhrá Gaeilge i measc a gcuid comharsan. Beidh sólaistí, ceol, tae agus caife ann mar aon le taispeántas faoi stair na Gaeilge sa cheantar. Cuirfear fáilte roimh chách, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat!
Athbhunaíodh Craobh Aireagal an Triúcha i mí na Samhna 2021 agus beidh an ócáid seo á reáchtáil ag coiste na craoibhe ar mhaithe le hairgead a thiomsú fá choinne scoláireachtaí Gaeltachta i mbliana. Bígí ann agus bígí Gaelach!