Takin’ the Mic
Takin’ the Mic
@ Áras na Scríbhneoirí
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínTá Takin’ the Mic ar ais go Áras Scríbhneoirí na hÉireann le hghaidh sár-oíche filíochta, focal labhartha agus grinn i mBéarla agus i nGaeilge. In éineacht le ban an tí
Ciara Ní É, beidh Mahito Indi Henderson ann mar aoi speisialta chomh maith le ‘mic-oscailte’ le haghaidh scríbhneoirí, filí agus ceoltóirí. Fáilte roimh chách!
Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É. Ise a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. In 2019 ceapadh í ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020. Chomhbhunaitheoir an chomharghrúpa Aerach.Aiteach.Gaelach í, agus roghnaíodh togra léi don Abbey 5×5 2020. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici faoi láthair.
Cláraigh anseo.