![](/wp-content/themes/yootheme/cache/be/spideil-be7c9836.jpeg)
Tráthnóna ceoil agus scannáin
Tráthnóna ceoil agus scannáin
@ Leabharlann an Spidéil
Seachtain na Gaeilge le EnergiaTugann Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe cuireadh duit chuig tráthnóna ceoil agus scannáin i Leabharlann an Spidéil.
Cuirfear tús leis an imeacht ag 1pm le léiriú beo ar phíosa ceoil a choimisiúnaigh Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe anuraidh, mar chuid de thionscadal Deich mBliana na gCuimhneachán; Respond, Reflect, Rejoice: 1923 Trí Lionsa ár gCruthaithe Liteartha agus Ealaíne.
Ina dhiaidh sin déanfar an clár faisnéise “Westward Ho!... Wandering West with Words” a thaispeáint.
Beidh sólaistí beaga ar fáil.
Fáilte roimh chách!
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/03/spideil-1.jpg)