Turas Gaeilge sa GPO Museum
Turas Gaeilge sa GPO Museum
@ GPO Museum
Léacht nó CaintBeidh turas Gaeilge ar fáil sa GPO Museum ar an gcéad Satharn de gach mí ag 11am. Treoróidh ár dtreoraí turais sibh trí stair pholaitiúil, shóisialta, agus mhíleata na hÉireann, le béim ar Éirí Amach na Cásca. Labhróidh sé faoi na cúinsí ba chúis leis an Éirí Amach, chomh maith le hÉirí Amach na Cásca agus na hiarmhairtí (Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha, agus na Trioblóidí san áireamh).
Ní mór áit ar an turas seo a chur in áirithe. Mairfidh an turas uair an chloig, agus beidh cuairteoirí in ann breathnú thart an músaem agus caifé tar éis an turais. Tá go leor déantúsán, taispeántais idirghníomhacha, agus scannán le feiceáil. Bí linn!
Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.anpost.com/Witness-history/Book-your-visit-to-GPO-Witness-History