Raidió Fáilte
Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Cúrsaí Traenála i Scileanna Craoltóireachta Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra:
Is stáisiún pobail é Raidió Fáilte107.1fm atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bíonn sé ag craoladh 24 uair a chloig in aghaidh an lae i gceantar Bhéal Feirste ag minicíocht 107.1fm agus go domhanda ag www.raidiofailte.com. Fuair Raidió Fáilte ceadúnas le bheith ag craoladh go hoifigiúil Meán Fomhair na bliana 2006. Cuireann an stáisiún traenáil ar fáil do chraoltóirí nua ar bhonn rialta. Bíonn Raidió Fáilte ag brath go mór ar dhíogras agus obair chrua na gcraoltóirí deonacha le sceideal fadréimseach agus spéisiúil a sholáthar.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 9031 0013Suíomh: www.raidiofailte.com
Ríomhphoist: eolas@raidiofailte.com
Uaireanta Oscailte:
Oifigí, 9:30r.n. - 5:30i.n.Foirgneamh ar oscailt de réir riachtanas
Craoladh 24 uair a chloig
Raidió Fáilte 107.1FM is a community station located in Belfast. It broadcasts 24 hours a day per day in the Belfast area at frequency 107.1FM and globally online.
Imeachtaí
Reic leabhar in Raidió Fáilte
26/10/2024
Beidh díolacháin leabhar ar siúl in Stáisiún Raidió Fáilte, De Satharn 26ú de mhí Dheireadh Fómhair idir 10:00 ar maidin agus 2:00 tráthnóna. Beidh roinnt díoltóirí leabhar ann ar an lá le leabharthaí de gach saghas leabhar idir nua agus 2ú láimhe. Más díoltóir leabhar thú agus suim agat seastán a reáchtáil ag an reic leabhar seo, déan teagmhál le Cillian Breatnach.
Malartú Éadaí na Samhna
12/10/2024
Trathnóna lán de mhalartú, meascadh agus manglaim. Bígí linn ar an 12ú Deireadh Fómhair in Áras Raidió Fáilte don malartú éadaí na Samhna, i gcompháirtnéireacht le Glór na Móna le linn Féile na Carraige 2024. Tabhair leat do chuid seanfheisteas oíche Shamhna, agus pioc suas rud éigin úrnua (duitse)! Beidh muid ag glacadh le gnáthéadaí chomh maith. Beidh an t-airgead ar fad bronntha ar charthanacht ar son na Pailistíne.