Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Spás Taispeántais

Áislann Chill Chartha

Áislann Chill Chartha

Cúlra

Bunaíodh an t-ionad pobail Áislann Chill Chartha i 1992. Tá sé mar sprioc ag an ionad áiseanna oideachais, traenála agus siamsaíochta a chur ar fáil do phobal Chill Chartha, i dteannta le cultúr, oidhreacht agus teanga na tíre a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, cuireann an t-ionad béim ar oideachas aosach agus feasacht sláinte. Tá réimse leathan d’áiseanna ar fáil san ionad, ó leabharlann go halla spóirt go cartlann phictiúr áitiúil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9738376
Suíomh: www.aislann.ie
Ríomhphost: eolas@aislann.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n
Dé Sathairn, 11:00r.n. - 6:00i.n



Áislann Rann na Feirste

Áislann Rann na Feirste

Cúlra

Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach. I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9562222
Ríomhphost: aislannrnaf@gmail.com
Suíomh: www.aislannrannnafeirste.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n


Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Cúlra

Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil,...
An Carn

An Carn

Cúlra:

Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste. San ionad é féin, tá siopa, amharclann, halla ilúsáide, seomraí cruinnithe agus comhdhála, chomh maith le dhá theach saoire féinfhreastail agus go leor eile ar fáil. Bíonn imeachtaí óige á soláthar ag Óige Charn Tóchair i rith na bliana ag spreagadh an aosa óg i dtreo na Gaeilge.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 79549978
Suíomh: www.ancarn.org
Ríomhphost: eolas@ancarn.org

Uaireanta Oscailte:

...


An Chrannóg

An Chrannóg

Cúlra

D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agus b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an tsean Cheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9532208
Suíomh: crannog.ie
...

An Droichead

An Droichead

Cúlra:

Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus thosaigh siad ag feidhmiú go neamhspleách. Thug sé seo deis d’An Droichead díriú isteach ar athbheochan na Gaeilge i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas, agus tógadh an lárionad sa bhliain chéanna. Tá siad ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail agus obair fhor-rochtana.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 90288 818
Suíomh: www.androichead.com
Ríomhphost: eolas@androichead.com

Uaireanta Oscailte:

Luan...


An tSean Bheairic

An tSean Bheairic

Cúlra:

Tógadh an tSean Bheairic i dtús báire sa bhliain 1890 mar Bheairic Phéas an Fháil Charraigh. Mhair sé mar sin go dtí gur haistríodh anonn chuig na Gardaí Síochána é sa bhliain 1920. Sa lá atá inniu tá An tSean Bheairic ina chuisle Ghealach ar bhaile an Fháil Charraigh, le caifé bríomhar, siopa céardaíochta, ionad oidhreachta agus turasóireachta, chomh maith le hamharclann agus seomraí ilfheidhmeach.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 74 91 80888
Suíomh: www.antseanbheairic.com
Ríomhphoist: falcarraghvisitorcentre@gmail.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 10:00r.n. - 4:00i.n.
Satharn: 11r.n. - 4:00i.n.



Aonach Mhacha

Aonach Mhacha

Cúlra:

Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha. Chomh maith le ranganna Gaeilge agus eile, cuirfear clár leathan d’imeachtaí ealaíne, oidhreachta agus cultúrtha ar siúl sa lárionad, a bheas mar bhaile buan ag pobal na Gaeilge fá cheantar Ard Mhacha.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 3799 8111
Suíomh: www.aonachmhacha.com
Ríomhphost: failte@aonachmhacha.com / eolas@aonachmhacha.com

Uaireanta Oscailte:

Máirt – Aoine, 9:30r.n. - 5:00i.n.
Satharn, 11:00r.n. - 3:00i.n.
Oscailte sa tráthnóna d’imeachtaí & ranganna




Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Cúlra

Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)1 457 4847
Suíomh: www.araschronain.ie
Ríomhphost: eolas@araschronain.ie

Uaireanta Oscailte

Teach & Oifig: Luan - Déardaoin 9:00r.n. - 4:30i.n., Aoine 9:00r.n. - 2:00i.n.
Béar...



Áras Mhic Reachtain

Áras Mhic Reachtain

Cúlra

Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 90 749688
Suíomh: mhicreachtain.com
Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.com / daithi@mhicreachtain.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.


Áras na nGael

Áras na nGael

Cúlra

Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le himeachtaí sóisialta do phobal na Gaeilge a bhíonn istigh i gClub Áras na nGael. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ó Áras na nGael agus tá dlúthnasc ag craobhacha na Gaillimhe leis an Áras.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 91 567824
Suíomh: arasnangael.ie
Ríomhphost: gaillimh@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.


Áras Pobail Ráth Chairn

Áras Pobail Ráth Chairn

Cúlra

Is ceanncheathrú de Chomharchumann Ráth Chairn é Áras Pobail Ráth Chairn. Eagraítear imeachtaí sóisialta, seisiúin cheoil, Siamsóir na Mí, Éigse Dharach Uí Chatháin, Féile na Mí agus tacaíonn muid le Féile na Gealaí agus cumainn eile. Eagraítear ranganna Gaeilge do dhaltaí bunscoile, meánscoile, mic léinn ollscoile agus ranganna oíche agus deireadh seachtaine do dhaoine fásta chomh maith le campaí samhraidh do ghasúir áitiúla agus cúrsaí Gaeilge samhraidh do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)046 943 2381
Suíomh: www.rathchairn.com
Ríomhphost: bainisteoirccrc@gmail.com / rathcairn@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n.
An Bradán Feasa: Aoine go...



Café Aon Scéal 🥇

Café Aon Scéal 🥇

Cúlra:

Osclaíodh an ‘Café Aon Scéal?’ i mí na Samhna, 2019 mar chuid den lárionad Gaeilge Thamhlachta. Bíonn an caifé ‘Aon Scéal’ ar oscailt gach lá den tseachtain. Bricfeasta ar fáil maidin Shathairn agus maidin Dhomhnaigh. 🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022

Teagmháil:

Uimhir fóin: 085 876 3123
Suíomh: https://www.instagram.com/aonscealcafe
Ríomhphost: cafeaonsceal@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 4:00i.n.
Satharn, 11:00r.n. - 3:00i.n.
Domhnach, 11:00r.n. - 3:00i.n




Ceanncheathrú Muintearas

Ceanncheathrú Muintearas

Cúlra

Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 551145
Suíomh: muintearas.com
Ríomhphost: muintearas@muintearas.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.


Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomhlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus ‘Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta’.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9156100
Suíomh: https://www.oidhreacht.ie/
Ríomhphoist: eolas@cfcd.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in


Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Cúlra

Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáthghrúpa do na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Tá a n-ionad lonnaithe i gCeann Eich, lámh leis an gCoireán. An sprioc atá acu ná an Ghaeilge agus an pobal Gaeltachta a fhorbairt in Uíbh Ráthach agus Solathar seirbhisí riachtanacha don Phobal a chur ar fáil. Bíonn ranganna Gaeilge, cúrsaí teaghlaigh agus go leor eile ar siúl san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9474888
Suíomh: https://www.uibhrathach.ie/
Ríomhphost: eolas@comhchoiste.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇

Cúlra

Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
Cultúrlann Uí Chanáin

Cultúrlann Uí Chanáin

Cúlra

D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann.org

Uaireanta Oscailte

Dé Luain...
Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901. Tá sé mar aidhm ag an ionad cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an gcontae ar fad. Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lán-aimseartha fostaithe ag an ionad. Tá siopa earraí Gaeilge, amharclann, naíonra agus go leor eile ar fáil san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)67 41570
Suíomh: https://cnagantaonach.com/
Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n.

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Cúlra:

Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne agus ceardlanna do na scoileanna sa cheantar. Tá béim ar na healaíona dúchasacha chomh maith leis an nGaeilge

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)26 457 33
Suíomh: ionadculturtha.ie
Ríomhphost: eolas@ionadculturtha.ie

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 10:00r.n. - 6:00i.n

Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Cúlra

Imeachtaí Spóirt Uisce, Ionad Oidhreachta, Caifé na Feamainne, GTeic, Folcadáin Feamainne, Bealach Siúlóide Leitir Mealláin, Páirc Spraoi, Seomra Sláinte & Folláine.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 551 553 / +353 (0)87 687 1628
Suíomh: cuigeal.ie
Ríomhphost: cuigeal@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Ionad na Fuiseoige

Ionad na Fuiseoige

Cúlra:

Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus aosta: ranganna Gaeilge, club óige, naoínra, amharclann i measc roinnt mhaith eile.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 9062 0373
Suíomh: ionadnafuiseoige.com
Ríomhphost: eolas@ionadnafuiseoige.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.

Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig

Cúlra:

Tá Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú anois le 12 bhliain anuas agus é ag gabháil ó neart go neart. Ón lá a osclaíodh an t-ionad i 2006, freastalaítear go dílis ar dhaoine óga agus aosta, ó cheithre aird na paróiste agus níos faide ó bhaile, tríd an réimse leathan níomhaíochtaí agus imeachtaí rathúla a chuirtear ar fáil ann, mar ranganna Gaeilge, grúpa tuismitheoirí agus linbh, seomra Oidhreachta, ríomharlann, siopa carthanachta agus tuilleadh lena chois.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 95 32949
Suíomh: www.ionadnp.ie
Ríomhphost: ionadnp@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go Déardaoin, 9.00r.n. - 9.00i.n.
Aoine, 9.00r.n. - 6.00i.n.
Dé Satharn,...



Ionad Teanga na Seanscoile

Ionad Teanga na Seanscoile

Cúlra

Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar sprioc ag an gComharchumann ó thús. Cuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil, ó champaí samhraidh go naíonraí, cúrsaí Gaeilge, ciorcail chomhrá, ranganna ceoil agus damhsa. Tá siopa earraí Gaeilge agus spás taispeántais ar fáil san ionad chomh maith.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)97 88082
Suíomh: www.cillchomain.com
Ríomhphost: dunchaochain1@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Oideas Gael 🥇

Oideas Gael 🥇

Bunaíodh Oideas Gael i 1984 agus tá na céadta duine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, ag teacht go Gleann Cholm Cille ó shin le freastal ar a gcuid cúrsaí Gaeilge agus cláir chultúrtha. Tá Foras Cultúir Uladh ina láthair d’imeachtaí Oideas Gael, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge agus caifé chomh maith le ranganna Gaeilge, ceoil agus damhsa. Tá sé mar sprioc ag Oideas Gael freastal ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9730248
Ríomhphost: oifig@oideasgael.ie
Suíomh: oideasgael.ie...


Oifig An Clár as Gaeilge

Oifig An Clár as Gaeilge

Cúlra

Bunaíodh An Clár as Gaeilge Teo. i 2002 agus tá an-chuid oibre déanta mar chuid den togra seo ó shin i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa chontae trí chéile. Is togra pobalbhunaithe é atá á chur i bhfeidhm ag Craobh na hInse, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh i 1913. Bhog an grúpa isteach in ionad nua ag tús 2017 i lár bhaile na hInse, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge, ranganna, ciorcail chomhrá agus go leor eile ar fáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)65 686 4474
Ríomhphost: anclarasgaeilge@gmail.com
Suíomh: www.anclarasgaeilge.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine,...

Páirc na Mara

Páirc na Mara

Cúlra

Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suite i bPáirc na Mara, a bhí ina huileanncruithneachtacois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis, ar mhaithe leis an chuspóir sin, i 2015. Bíonn ranganna, grúpaí tuismitheoirí agus tachráin, seisiúin cheoil agus imeachtaí eile ar siúl ann. Tá Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ina fhiontair shóisialta anois agus bíonn gnólachtaí áitiúla lonnaithe i bPáirc na Mara.

Teagmháil

Suíomh: https://peig.ie/ionaid/conradh-na-gaeilge-boirche-iochtar/

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n
Oscailte sa tráthnóna agus ranganna/imeachtaí ar siúl
Raidió Fáilte

Raidió Fáilte

Cúlra:

Is stáisiún pobail é Raidió Fáilte107.1fm atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bíonn sé ag craoladh 24 uair a chloig in aghaidh an lae i gceantar Bhéal Feirste ag minicíocht 107.1fm agus go domhanda ag www.raidiofailte.com. Fuair Raidió Fáilte ceadúnas le bheith ag craoladh go hoifigiúil Meán Fomhair na bliana 2006. Cuireann an stáisiún traenáil ar fáil do chraoltóirí nua ar bhonn rialta. Bíonn Raidió Fáilte ag brath go mór ar dhíogras agus obair chrua na gcraoltóirí deonacha le sceideal fadréimseach agus spéisiúil a sholáthar.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 9031 0013
Suíomh: www.raidiofailte.com
Ríomhphoist: eolas@raidiofailte.com

Uaireanta Oscailte:

Oifigí, 9:30r.n....