Amharclann Ghaoth Dobhair
Amharclann Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais
Cúlra
Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0) 749531611Ríomhphost: amharclann1961@gmail.com
Suíomh: amharclann.com
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 11:00r.n. - 5:00i.n.The main aim of the Theater is to promote and preserve the Irish language, culture and the arts. Amharclann Ghaoth Dobhair is the only Irish language theater located in the heart of any Gaeltacht in the country.