Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Eolaire na Lárionad Gaeilge

Áislann Chill Chartha

Áislann Chill Chartha

Cúlra

Bunaíodh an t-ionad pobail Áislann Chill Chartha i 1992. Tá sé mar sprioc ag an ionad áiseanna oideachais, traenála agus siamsaíochta a chur ar fáil do phobal Chill Chartha, i dteannta le cultúr, oidhreacht agus teanga na tíre a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, cuireann an t-ionad béim ar oideachas aosach agus feasacht sláinte. Tá réimse leathan d’áiseanna ar fáil san ionad, ó leabharlann go halla spóirt go cartlann phictiúr áitiúil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9738376
Suíomh: www.aislann.ie
Ríomhphost: eolas@aislann.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n
Dé Sathairn, 11:00r.n. - 6:00i.n



Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Cúlra

Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil,...
An Carn

An Carn

Cúlra:

Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste. San ionad é féin, tá siopa, amharclann, halla ilúsáide, seomraí cruinnithe agus comhdhála, chomh maith le dhá theach saoire féinfhreastail agus go leor eile ar fáil. Bíonn imeachtaí óige á soláthar ag Óige Charn Tóchair i rith na bliana ag spreagadh an aosa óg i dtreo na Gaeilge.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 79549978
Suíomh: www.ancarn.org
Ríomhphost: eolas@ancarn.org

Uaireanta Oscailte:

...


An Droichead

An Droichead

Cúlra:

Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus thosaigh siad ag feidhmiú go neamhspleách. Thug sé seo deis d’An Droichead díriú isteach ar athbheochan na Gaeilge i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas, agus tógadh an lárionad sa bhliain chéanna. Tá siad ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail agus obair fhor-rochtana.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 90288 818
Suíomh: www.androichead.com
Ríomhphost: eolas@androichead.com

Uaireanta Oscailte:

Luan...


An tSean Bheairic

An tSean Bheairic

Cúlra:

Tógadh an tSean Bheairic i dtús báire sa bhliain 1890 mar Bheairic Phéas an Fháil Charraigh. Mhair sé mar sin go dtí gur haistríodh anonn chuig na Gardaí Síochána é sa bhliain 1920. Sa lá atá inniu tá An tSean Bheairic ina chuisle Ghealach ar bhaile an Fháil Charraigh, le caifé bríomhar, siopa céardaíochta, ionad oidhreachta agus turasóireachta, chomh maith le hamharclann agus seomraí ilfheidhmeach.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 74 91 80888
Suíomh: www.antseanbheairic.com
Ríomhphoist: falcarraghvisitorcentre@gmail.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 10:00r.n. - 4:00i.n.
Satharn: 11r.n. - 4:00i.n.



Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Cúlra

Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)1 457 4847
Suíomh: www.araschronain.ie
Ríomhphost: eolas@araschronain.ie

Uaireanta Oscailte

Teach & Oifig: Luan - Déardaoin 9:00r.n. - 4:30i.n., Aoine 9:00r.n. - 2:00i.n.
Béar...



Áras Mhic Reachtain

Áras Mhic Reachtain

Cúlra

Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 90 749688
Suíomh: mhicreachtain.com
Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.com / daithi@mhicreachtain.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.


Áras na nGael

Áras na nGael

Cúlra

Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le himeachtaí sóisialta do phobal na Gaeilge a bhíonn istigh i gClub Áras na nGael. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ó Áras na nGael agus tá dlúthnasc ag craobhacha na Gaillimhe leis an Áras.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 91 567824
Suíomh: arasnangael.ie
Ríomhphost: gaillimh@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.


Áras Ros Goill

Áras Ros Goill

Cúlra:

Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros Goill. Tá oifig ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh agus oibríonn lucht oibre an eagrais leis na teaghlaigh sa pharóiste. Bíonn os cionn trí scór pháistí ag freastal ar na himeachtaí a chuireann Céim Aniar ar fáil i ndiaidh am scoile sa Choláiste agus in Ionad CLG na Dúnaibh. Bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil san oifig i rith na bliana fosta.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 915 4830
...
CnaG Caisleán an Bharraigh

CnaG Caisleán an Bharraigh

Cúlra

Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002. Ba é bunaidhm an phlean ná tógáil agus forbairt a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar an ghréasán teanga sa chontae. Go luath in 2002 bhunaigh an coiste Togra Mhaigh Eo. Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge daoine a fhostú le tabhairt faoin obair seo go lánaimseartha.
Cuireann Togra Mhaigh Eo réimse cuimsitheach de sheirbhísí ar fáil do phobal Mhaigh Eo, ar nós campaí samhraidh, ranganna, drámaíocht agus cúrsa dioplóma. Spreagann Togra Mhaigh Eo grúpaí eile chun...
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomhlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus ‘Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta’.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9156100
Suíomh: https://www.oidhreacht.ie/
Ríomhphoist: eolas@cfcd.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in


Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta sa bhliain 2008 agus táthar ag feidhmiú go gníomhach chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí ó shin i leith. Tá sé mar phríomhaidhm ag an gComharchumann seirbhís forbartha pobail a sholáthar don phobal trí chéile chun leasa an cheantair áitiúil, le buanú agus caomhnú na Gaeilge, agus cur chun cinn an traidisiúin i gcroílár a chuid oibre. Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaobh na Gaeilge go háirithe, ach chomh maith leis sin tugtar cúnamh i dtaobh eolais agus rochtain ar fhoinsí maoinithe, cúrsaí oiliúna, cúnamh le foirmeacha iarratais, bolscaireacht, srl.

Teagmháil

Uimhir fóin:...
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Cúlra

Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáthghrúpa do na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Tá a n-ionad lonnaithe i gCeann Eich, lámh leis an gCoireán. An sprioc atá acu ná an Ghaeilge agus an pobal Gaeltachta a fhorbairt in Uíbh Ráthach agus Solathar seirbhisí riachtanacha don Phobal a chur ar fáil. Bíonn ranganna Gaeilge, cúrsaí teaghlaigh agus go leor eile ar siúl san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9474888
Suíomh: https://www.uibhrathach.ie/
Ríomhphost: eolas@comhchoiste.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n.

Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar 🥇

Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar 🥇

Tá Conradh na Gaeilge Boiche Íochtar - Lower Mourne Gaelic League a thugtaí ar - suite sa teach cloiche Páirc na Mara in Áth na Long, Contae an Dúin. Is é Páirc na Mara an láthair don Ghrúpa Tuismitheoirí agus Tachráin Gaeilge, do ranganna do dhaoine fásta agus do pháistí, do cheardlanna de gach cineál (ealaíona, ceardaíocht agus ceol san áireamh, do dhian-chúrsaí Gaeilge agus don leabharlann a cuireadh ar bun le déanaí.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 4376 8784, +44(0)78 5616 2002
Suíomh: https://www.boircheiochtar.com/
...


Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇

Cúlra

Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
Cultúrlann Uí Chanáin

Cultúrlann Uí Chanáin

Cúlra

D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann.org

Uaireanta Oscailte

Dé Luain...
Cumann Chluain Árd

Cumann Chluain Árd

Cúlra:

Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche, agus tá siad ann ó shin. I mí na Samhna 2016, d’oscail siad ionad úrnua ar an láthair chéanna, ina bhfuil ranganna Gaeilge, club sóisialta agus amharclann ar fáil.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 9032 187 / +44 (0)28 9031 3264 / +44 (0)28 9032 1873
Suíomh: www.cluainard.ie
Ríomhphoist: daranodochartaigh@outlook.ie /...

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901. Tá sé mar aidhm ag an ionad cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an gcontae ar fad. Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lán-aimseartha fostaithe ag an ionad. Tá siopa earraí Gaeilge, amharclann, naíonra agus go leor eile ar fáil san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)67 41570
Suíomh: https://cnagantaonach.com/
Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n.

Gael-Ionad Mhic Goill

Gael-Ionad Mhic Goill

Cúlra:

Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 9023 4442 Ríomhphost: oifig@glornamona.com Suíomh: www.glornamona.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.
Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail

Cúlra

Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh. Tá an Chraobh seo gníomhach sa cheantar le 120 bliain anuas. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Tá ranganna Gaeilge, halla d’imeachtaí, leabharlann agus go leor eile ar fáil ann.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 77 6971 2313
Ríomhphost: gaelarasmhicardghail@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n.
Glór Cheatharlach

Glór Cheatharlach

Cúlra

Is eagraíocht áitiúil í Glór Cheatharlach chun an teanga a chur chun cinn anseo i mBaile Cheatharlach. Tá alán eolais ar ár suíomh faoin obair a bhíonn ar siúl againn agus faoi na himeachtaí a eagraimid chomh maith le naisc go suíomhanna usáideacha éagsúla atá bainteach le saol na Gaeilge.

Teagmháil

Uimhir fóin: (059) 913 7365 / (085) 134 0047 / (087) 285 7048
Suíomh: https://www.glorcheatharlach.ie/
Ríomhphost: emma@glorcheatharlach.ie / bridederoiste@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Halla Le Chéile

Halla Le Chéile

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo i 1973. Is eagraíocht forbartha í do cheantar Bhréanainn, An Clocháin agus An Bhaile Dubh, le coiste deonach agus bainisteoir lán-aimseartha. Halla le Chéile an t-ainm atá ar lárionad pobail an Chomharchumainn, áit ina gcuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil don phobal, ar nós ranganna Gaeilge, grúpaí tuistí agus leanaí agus seisiúin cheoil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 713 8137
Suíomh: www.cflt.ie / https://cloghanebrandon.ie
Ríomhphoist: eolas@cflt.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Ionad an Chrois Bhealaigh

Ionad an Chrois Bhealaigh

Cúlra:

Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna oideachais, traenála, siamsaíochta agus fostaíochta ar fáil do mhuintir an Oileáin chomh maith le réimse leathan áiseanna do na oileánaigh agus cuairteoirí.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 952 0024
Suíomh:  https://madeinarranmore.com/
Ríomhphoist: ionad@cffam.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 9:00r.n. - 9:00i.n

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Cúlra:

Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne agus ceardlanna do na scoileanna sa cheantar. Tá béim ar na healaíona dúchasacha chomh maith leis an nGaeilge

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)26 457 33
Suíomh: ionadculturtha.ie
Ríomhphost: eolas@ionadculturtha.ie

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 10:00r.n. - 6:00i.n

Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Cúlra

Imeachtaí Spóirt Uisce, Ionad Oidhreachta, Caifé na Feamainne, GTeic, Folcadáin Feamainne, Bealach Siúlóide Leitir Mealláin, Páirc Spraoi, Seomra Sláinte & Folláine.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 551 553 / +353 (0)87 687 1628
Suíomh: cuigeal.ie
Ríomhphost: cuigeal@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Cúlra:

Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar a bharr sin tacaíonn siad le tuismitheoirí agus leis an mhórphobal teacht ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh raon seirbhísí do thuismitheoirí a leathnú, mar shampla grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, naíolann agus cúram leanaí, áiseanna sóisialta do dhaoine scothaosta srl. Agus iad uilig ar fáil ar bhonn trasphobail. Bíonn siad ag obair go dícheallach le leibhéil hochtaineachta agus cruatain a bhíonn ag baill...
Ionad Teampall Chróine

Ionad Teampall Chróine

Cúlra

Is foirgneamh stairiúil Ionad Teampall Chróine a tógadh sa bhliain 1853 mar Eaglais Naomh Pheadair. Sa bhliain 1999 d’oscail an foirgneamh athchóirithe don phobal. Má tá tú ar lorg eolas do chuairteoirí, cupán tae, leabhar le léamh, cuimhneachán le céannach nó pas bordála a phriontáil tar isteach agus beidh lúcháir ar fhoireann an ionaid cuidiú leat. Cuireann muid sraith ranganna agus cúrsaí ar fáil don pobal. I measc na áiseanna, tá Oifig Turasóireachta Pobail Fáilte Éireann, Leabharlann, Caife agus Ionad Seirbhísí Teanga

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9522198
Suíomh: https://dungloefnr.ie/
Ríomhphost: ionadtc@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. -...

Ionad Teanga na Seanscoile

Ionad Teanga na Seanscoile

Cúlra

Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar sprioc ag an gComharchumann ó thús. Cuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil, ó champaí samhraidh go naíonraí, cúrsaí Gaeilge, ciorcail chomhrá, ranganna ceoil agus damhsa. Tá siopa earraí Gaeilge agus spás taispeántais ar fáil san ionad chomh maith.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)97 88082
Suíomh: www.cillchomain.com
Ríomhphost: dunchaochain1@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Muineachán le Gaeilge

Muineachán le Gaeilge

Cúlra

Eagraíonn Muineachán le Gaeilge imeachtaí sóisialta, imeachtaí teaghlaigh, ranganna Gaeilge, campaí óige agus go leor eile nach iad sa chontae. Anuas air sin, tugann Muineachán le Gaeilge tacaíocht do ghrúpaí pobail, clubanna, cumainn, scoileanna agus gnóthaí atá ag iarraidh imeachtaí a chur ar fáil / seirbhísí a sholáthar as Gaeilge sa chontae. Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil amach fúinn, déan teagmháil linn ag eolas@mlg.ie

Teagmháil

Suíomh: https://www.facebook.com/muineachan/
Fón: +353 47 71408
Ríomhphoist: eolas.mlg@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Oideas Gael 🥇

Oideas Gael 🥇

Bunaíodh Oideas Gael i 1984 agus tá na céadta duine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, ag teacht go Gleann Cholm Cille ó shin le freastal ar a gcuid cúrsaí Gaeilge agus cláir chultúrtha. Tá Foras Cultúir Uladh ina láthair d’imeachtaí Oideas Gael, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge agus caifé chomh maith le ranganna Gaeilge, ceoil agus damhsa. Tá sé mar sprioc ag Oideas Gael freastal ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9730248
Ríomhphost: oifig@oideasgael.ie
Suíomh: oideasgael.ie...


Oifig An Clár as Gaeilge

Oifig An Clár as Gaeilge

Cúlra

Bunaíodh An Clár as Gaeilge Teo. i 2002 agus tá an-chuid oibre déanta mar chuid den togra seo ó shin i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa chontae trí chéile. Is togra pobalbhunaithe é atá á chur i bhfeidhm ag Craobh na hInse, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh i 1913. Bhog an grúpa isteach in ionad nua ag tús 2017 i lár bhaile na hInse, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge, ranganna, ciorcail chomhrá agus go leor eile ar fáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)65 686 4474
Ríomhphost: anclarasgaeilge@gmail.com
Suíomh: www.anclarasgaeilge.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine,...

Páirc na Mara

Páirc na Mara

Cúlra

Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suite i bPáirc na Mara, a bhí ina huileanncruithneachtacois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis, ar mhaithe leis an chuspóir sin, i 2015. Bíonn ranganna, grúpaí tuismitheoirí agus tachráin, seisiúin cheoil agus imeachtaí eile ar siúl ann. Tá Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ina fhiontair shóisialta anois agus bíonn gnólachtaí áitiúla lonnaithe i bPáirc na Mara.

Teagmháil

Suíomh: https://peig.ie/ionaid/conradh-na-gaeilge-boirche-iochtar/

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n
Oscailte sa tráthnóna agus ranganna/imeachtaí ar siúl
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Tá Teach na Gaeilge ina lárionad Gaeilge do phobal Mhaigh Cuilinn. Osclaíodh an tIonad sa bhliain 2011 nuair a tháinig baill agus cairde Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge le chéile agus thóg siad an t-ionad trí obair dheonach agus gan maoiniú stáit. Cuireann Teach na Gaeilge ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá, grúpaí tuismitheoirí agus leanaí, clubanna Ógras, Ionad Techspace, campaí samhraidh agus go leor eile ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)85 850 4935
Suiomh: gaeilgemhaighcuilinn.ie
Rphost: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n.
Satharn, 9:30r.n. -...