Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa
Amharclann Ghaoth Dobhair
Ard na gCeapairí, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
Amharclann Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais
An Chrannóg
Comharchumann Forbatha Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Cúlra
D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agus b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an tsean Cheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)74 9532208Suíomh: crannog.ie
...
An Droichead
20 Cooke Street, Béal Feirste, Contae Aontroma, BT7 2EP
Beár Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra:
Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus thosaigh siad ag feidhmiú go neamhspleách. Thug sé seo deis d’An Droichead díriú isteach ar athbheochan na Gaeilge i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas, agus tógadh an lárionad sa bhliain chéanna. Tá siad ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail agus obair fhor-rochtana.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 90288 818Suíomh: www.androichead.com
Ríomhphost: eolas@androichead.com
Uaireanta Oscailte:
Luan...Áras Mhic Reachtain
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, BT15 2GZ
Amharclann Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Spás Taispeántais
Cúlra
Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)28 90 749688Suíomh: mhicreachtain.com
Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.com / daithi@mhicreachtain.com
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Áras na nGael
45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, Co.na Gaillimhe, H91 E1NY
Beár Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Spás Taispeántais
Cúlra
Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le himeachtaí sóisialta do phobal na Gaeilge a bhíonn istigh i gClub Áras na nGael. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ó Áras na nGael agus tá dlúthnasc ag craobhacha na Gaillimhe leis an Áras.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 91 567824Suíomh: arasnangael.ie
Ríomhphost: gaillimh@cnag.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Áras Ros Goill
Céim Aniar Teo, Na Dúnaibh, Dún na nGall F92 RX8C
Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe
Cúlra:
Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros Goill. Tá oifig ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh agus oibríonn lucht oibre an eagrais leis na teaghlaigh sa pharóiste. Bíonn os cionn trí scór pháistí ag freastal ar na himeachtaí a chuireann Céim Aniar ar fáil i ndiaidh am scoile sa Choláiste agus in Ionad CLG na Dúnaibh. Bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil san oifig i rith na bliana fosta.Teagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)74 915 4830...
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, V92 K5WT
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Spás Taispeántais
Cúlra
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomhlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus ‘Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta’.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)66 9156100Suíomh: https://www.oidhreacht.ie/
Ríomhphoist: eolas@cfcd.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00inCultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann.orgUaireanta Oscailte
Dé Luain...Cumann Chluain Árd
27–43 Sráid na Scéiche, Br na bhFál, Béal Feirste, BT12 7AQ
Amharclann Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil
Cúlra:
Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche, agus tá siad ann ó shin. I mí na Samhna 2016, d’oscail siad ionad úrnua ar an láthair chéanna, ina bhfuil ranganna Gaeilge, club sóisialta agus amharclann ar fáil.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 9032 187 / +44 (0)28 9031 3264 / +44 (0)28 9032 1873Suíomh: www.cluainard.ie
Ríomhphoist: daranodochartaigh@outlook.ie /...
Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, Contae Aontroma
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Turais Threoraithe
Cúlra:
Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 9023 4442 Ríomhphost: oifig@glornamona.com Suíomh: www.glornamona.comUuaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.Ionad an Chrois Bhealaigh
CFFAM Árainn Mhór, Fál an Ghabhainn, Arainn Mhóir, Dún na nGall, F92 YT52
Campaí Samhraidh do Pháistí Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Turais Threoraithe
Cúlra:
Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna oideachais, traenála, siamsaíochta agus fostaíochta ar fáil do mhuintir an Oileáin chomh maith le réimse leathan áiseanna do na oileánaigh agus cuairteoirí.Teagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)74 952 0024Suíomh: https://madeinarranmore.com/
Ríomhphoist: ionad@cffam.com
Uaireanta Oscailte:
Luan go hAoine: 9:00r.n. - 9:00i.nIonad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh
Baile Mhúirne, Máigh Chromtha, Co Chorcaí
Amharclann Eolaire na Lárionad Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Spás Taispeántais
Cúlra:
Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne agus ceardlanna do na scoileanna sa cheantar. Tá béim ar na healaíona dúchasacha chomh maith leis an nGaeilgeTeagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)26 457 33Suíomh: ionadculturtha.ie
Ríomhphost: eolas@ionadculturtha.ie
Uaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 10:00r.n. - 6:00i.nIonad na Fuiseoige
6 Bóthar Cnoc an tSamhraidh, Dún Muirígh, Béal Feirste, BT17 0RL
Amharclann Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais
Cúlra:
Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus aosta: ranganna Gaeilge, club óige, naoínra, amharclann i measc roinnt mhaith eile.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 9062 0373Suíomh: ionadnafuiseoige.com
Ríomhphost: eolas@ionadnafuiseoige.com
Uuaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.Ionad Naomh Pádraig
Dobhar Uachtarach, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall, F92 EH6N
Bothán na mBan Campaí Samhraidh do Pháistí Clubanna Óige Gairdín Poiblí Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Ríomharlann Seisiúin Cheoil Siopa Carthanachta Spás Oifige Spás Taispeántais Stiúideo Cuisle Ceoil Turais Threoraithe Zón na n-Óg
Cúlra:
Tá Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú anois le 12 bhliain anuas agus é ag gabháil ó neart go neart. Ón lá a osclaíodh an t-ionad i 2006, freastalaítear go dílis ar dhaoine óga agus aosta, ó cheithre aird na paróiste agus níos faide ó bhaile, tríd an réimse leathan níomhaíochtaí agus imeachtaí rathúla a chuirtear ar fáil ann, mar ranganna Gaeilge, grúpa tuismitheoirí agus linbh, seomra Oidhreachta, ríomharlann, siopa carthanachta agus tuilleadh lena chois.Teagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)74 95 32949Suíomh: www.ionadnp.ie
Ríomhphost: ionadnp@gmail.com
Uaireanta Oscailte:
Luan go Déardaoin, 9.00r.n. - 9.00i.n.Aoine, 9.00r.n. - 6.00i.n.
Dé Satharn,...
Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach
15F Bóthar Lann Ábhaigh, Cromghlinn, BT29 4LA
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe