Beár
Áras Chrónáin, Ionad Cultúir
Lána an Uisce, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. D22X856
Amharclann Beár Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Seomraí ar cíos Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)1-4574847 Suíomh: www.araschronain.ie Ríomhphost: eolas@araschronain.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in Déardaoin, Sathairn, Domhnach: 8:00rn - 12:00inÁras na nGael
45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Cúige Chonnacht, Éire, H91 E1NY
Beár Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Spás Taispeántais
Cúlra
Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le himeachtaí sóisialta do phobal na Gaeilge a bhíonn istigh i gClub Áras na nGael. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ó Áras na nGael agus tá dlúthnasc ag craobhacha na Gaillimhe leis an Áras.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 91 567824 Suíomh: arasnangael.ie Ríomhphost: gaillimh@cnag.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Áras Pobail Ráth Chairn
Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí.
Beár Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Is ceanncheathrú de Chomharchumann Ráth Chairn é Áras Pobail Ráth Chairn. Eagraítear imeachtaí sóisialta, seisiúin cheoil, Siamsóir na Mí, Éigse Dharach Uí Chatháin, Féile na Mí agus tacaíonn muid le Féile na Gealaí agus cumainn eile. Eagraítear ranganna Gaeilge do dhaltaí bunscoile, meánscoile, mic léinn ollscoile agus ranganna oíche agus deireadh seachtaine do dhaoine fásta chomh maith le campaí samhraidh do ghasúir áitiúla agus cúrsaí Gaeilge samhraidh do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)46-9432381 Suíomh: www.rathchairn.com Ríomhphost: rathcairn@eircom.netUaireanta Oscailte
Oifig: Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n. An Bradán Feasa: Aoine go Luan, 8:30i.n.Ceanncheathrú Muintearas
Tír an Fhia, Leitir Móir, Gaillimh
Beár Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire Gnó Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seisiúin Cheoil Seomraí ar cíos Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)91 551145 Suíomh: muintearas.com Ríomhphost: muintearas@muintearas.comUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇
216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra: Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais, Doire
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Chultúrlann Uí Chanáinn i Mí Mheán an Fhómhair 2009 le hamharclann, caife, siopa, club óige, seomraí léachta agus ranga.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann-doire.ieUaireanta Oscailte
Luan go...Uimhir 6, Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.