Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Clubanna Óige

Áislann Chill Chartha

Áislann Chill Chartha

Cúlra

Bunaíodh an t-ionad pobail Áislann Chill Chartha i 1992. Tá sé mar sprioc ag an ionad áiseanna oideachais, traenála agus siamsaíochta a chur ar fáil do phobal Chill Chartha, i dteannta le cultúr, oidhreacht agus teanga na tíre a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, cuireann an t-ionad béim ar oideachas aosach agus feasacht sláinte. Tá réimse leathan d’áiseanna ar fáil san ionad, ó leabharlann go halla spóirt go cartlann phictiúr áitiúil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9738376 Suíomh: www.aislann.ie Ríomhphost: eolas@aislann.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 8:00r.n. - 9:00i.n
Áislann Rann na Feirste

Áislann Rann na Feirste

Cúlra

Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach. I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9562222 Ríomhphost: aislannrnaf@gmail.com Suíomh: www.aislannrannnafeirste.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n
An Carn

An Carn

Cúlra:

Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste. San ionad é féin, tá siopa, amharclann, halla ilúsáide, seomraí cruinnithe agus comhdhála, chomh maith le dhá theach saoire féinfhreastail agus go leor eile ar fáil. Bíonn imeachtaí óige á soláthar ag Óige Charn Tóchair i rith na bliana ag spreagadh an aosa óg i dtreo na Gaeilge.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (0)28 79549978 Suíomh: www.ancarn.org Ríomhphost: eolas@ancarn.org

...

An Droichead

An Droichead

Cúlra:

Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus thosaigh siad ag feidhmiú go neamhspleách. Thug sé seo deis d’An Droichead díriú isteach ar athbheochan na Gaeilge i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas, agus tógadh an lárionad sa bhliain chéanna. Tá siad ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail agus obair fhor-rochtana.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90288818 Suíomh: www.androichead.com Ríomhphost: fionnuala@androichead.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go...
Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Cúlra

Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)1-4574847 Suíomh: www.araschronain.ie Ríomhphost: eolas@araschronain.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in Déardaoin, Sathairn, Domhnach: 8:00rn - 12:00in
Áras Forbairt Acla

Áras Forbairt Acla

Cúlra:

Bunaíodh Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla sna 60í chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar saol na ndaoine sa cheantar agus sa gcaoi sin tacú leo i leith aiseanna agus chúrsaí difriúla a chur ar fail dóibh. Tríd na blianta cuireadh go leor leor cúrsaí ar fail san Ionad i bpáirt le OÉ Gaillimh agus Mhaigh Nuad.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)98-43292 Suíomh: acaill.com Ríomhphost: maire@acaill.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n
Áras Mhic Reachtain

Áras Mhic Reachtain

Cúlra

Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 90749688 Suíomh: mhicreachtain.com Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Áras Pobail Ráth Chairn

Áras Pobail Ráth Chairn

Cúlra

Is ceanncheathrú de Chomharchumann Ráth Chairn é Áras Pobail Ráth Chairn. Eagraítear imeachtaí sóisialta, seisiúin cheoil, Siamsóir na Mí, Éigse Dharach Uí Chatháin, Féile na Mí agus tacaíonn muid le Féile na Gealaí agus cumainn eile. Eagraítear ranganna Gaeilge do dhaltaí bunscoile, meánscoile, mic léinn ollscoile agus ranganna oíche agus deireadh seachtaine do dhaoine fásta chomh maith le campaí samhraidh do ghasúir áitiúla agus cúrsaí Gaeilge samhraidh do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)46-9432381 Suíomh: www.rathchairn.com Ríomhphost: rathcairn@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n. An Bradán Feasa: Aoine go Luan, 8:30i.n.
Café Aon Scéal

Café Aon Scéal

Cúlra:

Osclaíodh an ‘Café Aon Scéal?’ i mí na Samhna, 2019 mar chuid den lárionad Gaeilge Thamhlachta. Bíonn an caifé ‘Aon Scéal’ ar oscailt gach lá den tseachtain. Bricfeasta ar fáil maidin Shathairn agus maidin Dhomhnaigh.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +35385 2772873 Suíomh: gaelphobalthamhlachta.com Ríomhphost: aonscealcafe@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 8:30r.n. - 4:30i.n. Satharn, 9:00r.n. - 5:00i.n. Domhnach, 9:30r.n. - 4:30i.n
Ceanncheathrú Muintearas

Ceanncheathrú Muintearas

Cúlra

Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 551145 Suíomh: muintearas.com Ríomhphost: muintearas@muintearas.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Cúlra: Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge. Teagmháil: Uimhir fóin: +44 (0)2890964180 Suíomh: www.culturlann.ie Ríomhphost: oifigfailte@culturlann.ie...
Cultúrlann Uí Chanáin

Cultúrlann Uí Chanáin

Cúlra

D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Chultúrlann Uí Chanáinn i Mí Mheán an Fhómhair 2009 le hamharclann, caife, siopa, club óige, seomraí léachta agus ranga.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann-doire.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go...
Cumann Chluain Árd

Cumann Chluain Árd

Cúlra:

Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche, agus tá siad ann ó shin. I mí na Samhna 2016, d’oscail siad ionad úrnua ar an láthair chéanna, ina bhfuil ranganna Gaeilge, club sóisialta agus amharclann ar fáil.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 7955054024 Suíomh: www.liofa.eu/learning-irish/organisations/cumann-chluain-ard Ríomhphoist: cumannchluainard@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan, Céadaoin, Déardaoin, Aoine: 9:00r.n. - 11:00i.n
Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901. Tá sé mar aidhm ag an ionad cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an gcontae ar fad. Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lán-aimseartha fostaithe ag an ionad. Tá siopa earraí Gaeilge, amharclann, naíonra agus go leor eile ar fáil san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)67 41570 Suíomh: www.cnagantaonach.ie Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n. Siopa: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n
Gael-Ionad Mhic Goill

Gael-Ionad Mhic Goill

Cúlra:

Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90 234442 Ríomhphost: oifig@glornamona.com Suíomh: www.glornamona.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.
Gael-Taca

Gael-Taca

Cúlra

Bunaíodh Gael-Taca i 1987 agus osclaíodh an tIonad i lár chathair Chorcaí i 2011. Is eagraíocht neamhspleách neamhpholaitiúil iad a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a neartú i gCorcaigh agus i gCúige Mumhan. In Ionad Ghael-Taca, cuirtear lear mór seirbhísí ar fáil don phobal, ina measc ranganna Gaeilge, maidineacha teaghlaigh, ióga, agus ciorcail chomhrá. Anuas air sin, tá siopa leabhar agus caifé atá ar oscailt don phobal.

Teagmháil

Uimhir fóin: 021 431 0841 Suíomh: www.gael-taca.com Ríomhphost: eolas@gaeltaca.ie

Uaireanta Oscailte

Dé Céadaoin - Dé hAoine 9.30am - 5.30pm
Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail

Cúlra Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh. Tá an Chraobh seo gníomhach sa cheantar le 120 bliain anuas. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Tá ranganna Gaeilge, halla d’imeachtaí, leabharlann agus go leor eile ar fáil ann. Teagmháil Uimhir fóin: +44 7769712313 Ríomhphost: gaelarasmhicardghail@gmail.com Uaireanta Oscailte Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n.
Halla Le Chéile

Halla Le Chéile

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo i 1973. Is eagraíocht forbartha í do cheantar Bhréanainn, An Clocháin agus An Bhaile Dubh, le coiste deonach agus bainisteoir lán-aimseartha. Halla le Chéile an t-ainm atá ar lárionad pobail an Chomharchumainn, áit ina gcuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil don phobal, ar nós ranganna Gaeilge, grúpaí tuistí agus leanaí agus seisiúin cheoil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 7138137 Suíomh: www.cflt.ie Ríomhphoist: eolas@cflt.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Ionad an Chrois Bhealaigh

Ionad an Chrois Bhealaigh

Cúlra:

Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna oideachais, traenála, siamsaíochta agus fostaíochta ar fáil do mhuintir an Oileáin chomh maith le réimse leathan áiseanna do na oileánaigh agus cuairteoirí.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9520024 Suíomh: www.arainnmhor.com Ríomhphoist: development@arainnmhor.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 9:00r.n. - 9:00i.n
Ionad na Fuiseoige

Ionad na Fuiseoige

Cúlra:

Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus aosta: ranganna Gaeilge, club óige, naoínra, amharclann i measc roinnt mhaith eile.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90620373 Suíomh: www.ionadnafuiseoige.com Ríomhphost: eolas@ionadnafuiseoige.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 8:00r.n. - 22:00i.n. Sathain, 8:00r.n. - 2i.n
Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig

Cúlra:

Tá Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú anois le 12 bhliain anuas agus é ag gabháil ó neart go neart. Ón lá a osclaíodh an t-ionad i 2006, freastalaítear go dílis ar dhaoine óga agus aosta, ó cheithre aird na paróiste agus níos faide ó bhaile, tríd an réimse leathan níomhaíochtaí agus imeachtaí rathúla a chuirtear ar fáil ann, mar ranganna Gaeilge, grúpa tuismitheoirí agus linbh, seomra Oidhreachta, ríomharlann, siopa carthanachta agus tuilleadh lena chois.

Uaireanta Oscailte:

Luan go Déardaoin, 8.00r.n. - 10.00i.n. Aoine, 8.00r.n. - 8.00i.n. Dé Satharn,11.00r.n. - 2.00i.n.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9532949 Suíomh:...
Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Cúlra:

Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar a bharr sin tacaíonn siad le tuismitheoirí agus leis an mhórphobal teacht ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh raon seirbhísí do thuismitheoirí a leathnú, mar shampla grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, naíolann agus cúram leanaí, áiseanna sóisialta do dhaoine scothaosta srl. Agus iad uilig ar fáil ar bhonn trasphobail. Bíonn siad ag obair go dícheallach le leibhéil hochtaineachta agus cruatain a bhíonn ag baill...
Ionad Teanga na Seanscoile

Ionad Teanga na Seanscoile

Cúlra

Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar sprioc ag an gComharchumann ó thús. Cuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil, ó champaí samhraidh go naíonraí, cúrsaí Gaeilge, ciorcail chomhrá, ranganna ceoil agus damhsa. Tá siopa earraí Gaeilge agus spás taispeántais ar fáil san ionad chomh maith.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)97 88082 Suíomh: www.cillchomain.com Ríomhphost: dunchaochain1@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Ionad Uíbh Eachach

Ionad Uíbh Eachach

Cúlra:

Is ionad teaghlaigh Gaeilge é Ionad Uíbh Eachach suite i gceantar na bhFál i mBéal Feirste. Bunaíodh é i 1990 i seanionad pobail Uíbh Eachach agus tá fás tar éis teacht ar réimse na seirbhísí atá ar fáil ann ó shin. Cuirtear an tIonad Cúram lae Gaeilge ar fáil do pháistí, cumann iarscoile Gaeilge, ranganna Gaeilge, seirbhísí do thuismitheoirí .i. Cúrsaí tuismitheoireachta, Tachráin agus Tuistí, Grúpa tacaíochta, Fan le Súgradh chomh maith le cúrsaí dírithe ar an óige. Ar bharr sin, d’oscail Ionad Uíbh Eachach aonad nua cúram lae Gaeilge i Mí Lúnasa 2017.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28)90329180...
Páirc na Mara

Páirc na Mara

Cúlra

Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suitei bPáirc na Mara, a bhí ina huileanncruithneachtacois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis, ar mhaithe leis an chuspóir sin, i 2015. Bíonn ranganna, grúpaí tuismitheoirí agus tachráin, seisiúin cheoil agus imeachtaí eile ar siúl ann. Tá Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ina fhiontair shóisialta anois agus bíonn gnólachtaí áitiúla lonnaithe i bPáirc na Mara.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 4376 8784 Suíomh: www.lowermournegaelic.com Ríomhphost: boircheiochtar@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 3:00i.n. Oscailte sa tráthnóna agus ranganna/imeachtaí ar siúl
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Tá Teach na Gaeilge ina lárionad Gaeilge do phobal Mhaigh Cuilinn. Osclaíodh an tIonad sa bhliain 2011 nuair a tháinig baill agus cairde Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge le chéile agus thóg siad an t-ionad trí obair dheonach agus gan maoiniú stáit. Cuireann Teach na Gaeilge ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá, grúpaí tuismitheoirí agus leanaí, clubanna Ógras, Ionad Techspace, campaí samhraidh agus go leor eile ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 555626 Ríomhphost: peadar@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n. Satharn, 9:30r.n. - 12:00i.n

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge