![Áislann Rann na Feirste Áislann Rann na Feirste]()
Áislann Rann na Feirste
Cúlra
Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach.
I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.
Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)74 9562222
Ríomhphost: aislannrnaf@gmail.com
Suíomh: www.aislannrannnafeirste.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.nRann na Feirste Convenience Store is a community based company which meets the needs of the community,
facilities, events and services of.
Imeachtaí
15/07/2022
Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le Street Feast, chun Féastaí Sráide trí Ghaeilge a chur ar siúl ó cheann ceann na tíre i mbliana. Tá srianta Covid-19 laghdaithe agus muintir na hÉireann ag dul i dtaithí ar an saol sóisialta arís…céard eile a bheadh uainn ach cóisir?! Is sraith lónta pobail í Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe, i hallaí pobail nó eile. Tógann gach duine rud le hithe leo agus roinntear an béile le chéile agus ár ndóigh, bíonn craic, ceol agus cairdeas ann. Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin Féasta...