Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Ranganna Gaeilge

Áislann Rann na Feirste

Áislann Rann na Feirste

Cúlra

Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach. I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9562222 Ríomhphost: aislannrnaf@gmail.com Suíomh: www.aislannrannnafeirste.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n
Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Cúlra

Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil,...
An Chrannóg

An Chrannóg

Cúlra

Tá dhá Chomharchumann éagsúla lonnaithe sa Chrannóg. Bunaíodh Comharchumann na nOileán Beag i 1998 le hionadaíocht a dhéanamh ar oileáin Dhún na nGall. An dá sprioc atá ag an gComharchumann ná forbairt na nOileán agus cumasú na n-oileánach. Bunaíodh Comharchumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1984. Bunaíodh coiste forbartha ar dtús agus b’as an gcoiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an sean-Cheardscoil i 1989 agus tá an Comharchumann ann ó 1992. Tá an t-ionad ag feidhmiú mar ionad Gaeilge, Oideachais agus  Fiontair.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9532208 Suíomh: www.crannog.ie Ríomhphoist: cfgd@eircnom.net/ancaire@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine: 9r.n....
An Droichead

An Droichead

Cúlra:

Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus thosaigh siad ag feidhmiú go neamhspleách. Thug sé seo deis d’An Droichead díriú isteach ar athbheochan na Gaeilge i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas, agus tógadh an lárionad sa bhliain chéanna. Tá siad ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail agus obair fhor-rochtana.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90288818 Suíomh: www.androichead.com Ríomhphost: fionnuala@androichead.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go...
An tSean Bheairic

An tSean Bheairic

Cúlra:

Tógadh an tSean Bheairic i dtús báire sa bhliain 1890 mar Bheairic Phéas an Fháil Charraigh. Mhair sé mar sin go dtí gur haistríodh anonn chuig na Gardaí Síochána é sa bhliain 1920. Sa lá atá inniu tá An tSean Bheairic ina chuisle Ghealach ar bhaile an Fháil Charraigh, le caifé bríomhar, siopa céardaíochta, ionad oidhreachta agus turasóireachta, chomh maith le hamharclann agus seomraí ilfheidhmeach.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9180655 Suíomh: www.antseanbheairic.com Ríomhphoist: falcarraghvisitorcentregmail.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 10:00r.n. - 5:00i.n., Satharn: 10r.n. - 4:00i.n.
Aonach Mhacha

Aonach Mhacha

Cúlra:

Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha. Chomh maith le ranganna Gaeilge agus eile, cuirfear clár leathan d’imeachtaí ealaíne, oidhreachta agus cultúrtha ar siúl sa lárionad, a bheas mar bhaile buan ag pobal na Gaeilge fá cheantar Ard Mhacha.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 3751 5229 Suíomh: www.aonachmhacha.com Ríomhphost: info@aonachmhacha.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go Satharn, 9:30r.n. - 5:00i.n. Oscailte sa tráthnóna d’imeachtaí & ranganna
Áras Chonradh na Gaeilge, Dún Dealgan

Áras Chonradh na Gaeilge, Dún Dealgan

Cúlra

Bunaíodh Craobh Dhún Dealgan sa bhliain 1899 agus ceannaíodh Áras an Chonartha ag 5 Plás na Trá, Dún Dealgan sa bhliain 1919. Críochnaíodh athchóiriú iomlán ar an áras sa bhliain 1999 agus tá foirgneamh breá nuaaimseartha ann anois. Tá ceithre urlár san fhoirgneamh le seacht seomra cruinnithe ann. Eagraítear ranganna comhrá Gaeilge do dhaoine fásta agus do dhaltaí meánscoile. Bíonn ranngana rince ar an sean nós ar siúl ann fosta

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 872058175 Ríomhphost: : cnagdundealgan@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Nuair a bhíonn imeachtaí ar siúl
Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Cúlra

Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)1-4574847 Suíomh: www.araschronain.ie Ríomhphost: eolas@araschronain.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in Déardaoin, Sathairn, Domhnach: 8:00rn - 12:00in
Áras Forbairt Acla

Áras Forbairt Acla

Cúlra:

Bunaíodh Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla sna 60í chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar saol na ndaoine sa cheantar agus sa gcaoi sin tacú leo i leith aiseanna agus chúrsaí difriúla a chur ar fail dóibh. Tríd na blianta cuireadh go leor leor cúrsaí ar fail san Ionad i bpáirt le OÉ Gaillimh agus Mhaigh Nuad.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)98-43292 Suíomh: acaill.com Ríomhphost: maire@acaill.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n
Áras Mhic Reachtain

Áras Mhic Reachtain

Cúlra

Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 90749688 Suíomh: mhicreachtain.com Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Áras na nGael

Áras na nGael

Cúlra

Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le himeachtaí sóisialta do phobal na Gaeilge a bhíonn istigh i gClub Áras na nGael. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ó Áras na nGael agus tá dlúthnasc ag craobhacha na Gaillimhe leis an Áras.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 91 567824 Suíomh: arasnangael.ie Ríomhphost: gaillimh@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Áras Pobail Ráth Chairn

Áras Pobail Ráth Chairn

Cúlra

Is ceanncheathrú de Chomharchumann Ráth Chairn é Áras Pobail Ráth Chairn. Eagraítear imeachtaí sóisialta, seisiúin cheoil, Siamsóir na Mí, Éigse Dharach Uí Chatháin, Féile na Mí agus tacaíonn muid le Féile na Gealaí agus cumainn eile. Eagraítear ranganna Gaeilge do dhaltaí bunscoile, meánscoile, mic léinn ollscoile agus ranganna oíche agus deireadh seachtaine do dhaoine fásta chomh maith le campaí samhraidh do ghasúir áitiúla agus cúrsaí Gaeilge samhraidh do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)46-9432381 Suíomh: www.rathchairn.com Ríomhphost: rathcairn@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 10:00r.n. - 5:00i.n. An Bradán Feasa: Aoine go Luan, 8:30i.n.
Áras Ros Goill

Áras Ros Goill

Cúlra:

Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros Goill. Tá oifig ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh agus oibríonn lucht oibre an eagrais leis na teaghlaigh sa pharóiste. Bíonn os cionn trí scór pháistí ag freastal ar na himeachtaí a chuireann Céim Aniar ar fáil i ndiaidh am scoile sa Choláiste agus in Ionad CLG na Dúnaibh. Bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil san oifig i rith na bliana fosta.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9154830 Ríomhphost:...
Café Aon Scéal

Café Aon Scéal

Cúlra:

Osclaíodh an ‘Café Aon Scéal?’ i mí na Samhna, 2019 mar chuid den lárionad Gaeilge Thamhlachta. Bíonn an caifé ‘Aon Scéal’ ar oscailt gach lá den tseachtain. Bricfeasta ar fáil maidin Shathairn agus maidin Dhomhnaigh.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +35385 2772873 Suíomh: gaelphobalthamhlachta.com Ríomhphost: aonscealcafe@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 8:30r.n. - 4:30i.n. Satharn, 9:00r.n. - 5:00i.n. Domhnach, 9:30r.n. - 4:30i.n
Ceanncheathrú Muintearas

Ceanncheathrú Muintearas

Cúlra

Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 551145 Suíomh: muintearas.com Ríomhphost: muintearas@muintearas.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomhlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus ‘Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta’.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9156100 Suíomh: www.cfcd.ie Ríomhphoist: cfcd@cfcd.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in
Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta sa bhliain 2008 agus táthar ag feidhmiú go gníomhach chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí ó shin i leith. Tá sé mar phríomhaidhm ag an gComharchumann seirbhís forbartha pobail a sholáthar don phobal trí chéile chun leasa an cheantair áitiúil, le buanú agus caomhnú na Gaeilge, agus cur chun cinn an traidisiúin i gcroílár a chuid oibre. Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaobh na Gaeilge go háirithe, ach chomh maith leis sin tugtar cúnamh i dtaobh eolais agus rochtain ar fhoinsí maoinithe, cúrsaí oiliúna, cúnamh le foirmeacha iarratais, bolscaireacht, srl.

Teagmháil

Uimhir fóin:...
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Cúlra

Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáthghrúpa do na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Tá a n-ionad lonnaithe i gCeann Eich, lámh leis an gCoireán. An sprioc atá acu ná an Ghaeilge agus an pobal Gaeltachta a fhorbairt in Uíbh Ráthach agus Solathar seirbhisí riachtanacha don Phobal a chur ar fáil. Bíonn ranganna Gaeilge, cúrsaí teaghlaigh agus go leor eile ar siúl san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 9474888 Suíomh: www.liveworkiveragh.ie Ríomhphost: ccnfteo@indigo.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Craoibhín

Craoibhín

Cúlra

Is ionad faoi úinéireacht an phobail é An Craoibhín sa Tearmann i nDún na nGall. Osclaíodh go hoifigiúil é i mí na Bealtaine 2009. Tá ionad teaghlaigh, halla spóirt, ríomhlann agus go leor áiseanna eile ar fáil don phobal ann, idir óg agus aosta. Cuirtear ranganna Gaeilge agus campaí samhraidh do pháistí ar fáil ann chomh maith.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9119988 Suíomh: www.craoibhintermon.town.ie Ríomhphost: info@craoibhintermon.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 8:00r.n. - 9:00i.n.
Cultúrlann Uí Chanáin

Cultúrlann Uí Chanáin

Cúlra

D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Chultúrlann Uí Chanáinn i Mí Mheán an Fhómhair 2009 le hamharclann, caife, siopa, club óige, seomraí léachta agus ranga.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann-doire.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go...
Cumann Chluain Árd

Cumann Chluain Árd

Cúlra:

Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche, agus tá siad ann ó shin. I mí na Samhna 2016, d’oscail siad ionad úrnua ar an láthair chéanna, ina bhfuil ranganna Gaeilge, club sóisialta agus amharclann ar fáil.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 7955054024 Suíomh: www.liofa.eu/learning-irish/organisations/cumann-chluain-ard Ríomhphoist: cumannchluainard@gmail.com

Uaireanta Oscailte:

Luan, Céadaoin, Déardaoin, Aoine: 9:00r.n. - 11:00i.n
Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901. Tá sé mar aidhm ag an ionad cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an gcontae ar fad. Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lán-aimseartha fostaithe ag an ionad. Tá siopa earraí Gaeilge, amharclann, naíonra agus go leor eile ar fáil san ionad.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)67 41570 Suíomh: www.cnagantaonach.ie Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n. Siopa: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n
Gael-Ionad Mhic Goill

Gael-Ionad Mhic Goill

Cúlra:

Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90 234442 Ríomhphost: oifig@glornamona.com Suíomh: www.glornamona.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.
Gael-Taca

Gael-Taca

Cúlra

Bunaíodh Gael-Taca i 1987 agus osclaíodh an tIonad i lár chathair Chorcaí i 2011. Is eagraíocht neamhspleách neamhpholaitiúil iad a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a neartú i gCorcaigh agus i gCúige Mumhan. In Ionad Ghael-Taca, cuirtear lear mór seirbhísí ar fáil don phobal, ina measc ranganna Gaeilge, maidineacha teaghlaigh, ióga, agus ciorcail chomhrá. Anuas air sin, tá siopa leabhar agus caifé atá ar oscailt don phobal.

Teagmháil

Uimhir fóin: 021 431 0841 Suíomh: www.gael-taca.com Ríomhphost: eolas@gaeltaca.ie

Uaireanta Oscailte

Dé Céadaoin - Dé hAoine 9.30am - 5.30pm
Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail

Cúlra Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh. Tá an Chraobh seo gníomhach sa cheantar le 120 bliain anuas. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Tá ranganna Gaeilge, halla d’imeachtaí, leabharlann agus go leor eile ar fáil ann. Teagmháil Uimhir fóin: +44 7769712313 Ríomhphost: gaelarasmhicardghail@gmail.com Uaireanta Oscailte Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n.
Halla Íde

Halla Íde

Cúlra

Tá lárionad ag Conradh na Gaeilge i Luimneach agus é suite i lár na cathrach ag Halla Íde, 18 Sráid Thomáis. Tá Naíonra Ríocht na Sí ann chomh maith le hoifig eolais, siopa leabhar agus “An Chistin” ina mbíonn ceol, drámaí agus ócáidí cultúrtha eile ar siúl. Is oifigí iad seomraí eile i Halla Íde. Tá cupán tae nó caife ar fáil sa siopa leabhar nó san oifig eolais agus cuirtear fáilte is fiche roimh chuairteoirí.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)61 417895 Suíomh: cnagluimneach.wordpress.com Ríomhphost: conradhluimnigh@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn, 9:00r.n. - 5:00i.n
Halla Le Chéile

Halla Le Chéile

Cúlra

Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo i 1973. Is eagraíocht forbartha í do cheantar Bhréanainn, An Clocháin agus An Bhaile Dubh, le coiste deonach agus bainisteoir lán-aimseartha. Halla le Chéile an t-ainm atá ar lárionad pobail an Chomharchumainn, áit ina gcuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil don phobal, ar nós ranganna Gaeilge, grúpaí tuistí agus leanaí agus seisiúin cheoil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)66 7138137 Suíomh: www.cflt.ie Ríomhphoist: eolas@cflt.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Ionad an Chrois Bhealaigh

Ionad an Chrois Bhealaigh

Cúlra:

Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna oideachais, traenála, siamsaíochta agus fostaíochta ar fáil do mhuintir an Oileáin chomh maith le réimse leathan áiseanna do na oileánaigh agus cuairteoirí.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9520024 Suíomh: www.arainnmhor.com Ríomhphoist: development@arainnmhor.com

Uaireanta Oscailte:

Luan go hAoine: 9:00r.n. - 9:00i.n
Ionad na Fuiseoige

Ionad na Fuiseoige

Cúlra:

Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus aosta: ranganna Gaeilge, club óige, naoínra, amharclann i measc roinnt mhaith eile.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28) 90620373 Suíomh: www.ionadnafuiseoige.com Ríomhphost: eolas@ionadnafuiseoige.com

Uuaireanta Oscailte:

Luan go hAoine, 8:00r.n. - 22:00i.n. Sathain, 8:00r.n. - 2i.n
Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig

Cúlra:

Tá Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú anois le 12 bhliain anuas agus é ag gabháil ó neart go neart. Ón lá a osclaíodh an t-ionad i 2006, freastalaítear go dílis ar dhaoine óga agus aosta, ó cheithre aird na paróiste agus níos faide ó bhaile, tríd an réimse leathan níomhaíochtaí agus imeachtaí rathúla a chuirtear ar fáil ann, mar ranganna Gaeilge, grúpa tuismitheoirí agus linbh, seomra Oidhreachta, ríomharlann, siopa carthanachta agus tuilleadh lena chois.

Uaireanta Oscailte:

Luan go Déardaoin, 8.00r.n. - 10.00i.n. Aoine, 8.00r.n. - 8.00i.n. Dé Satharn,11.00r.n. - 2.00i.n.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +353 (0)74 9532949 Suíomh:...
Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Cúlra:

Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar a bharr sin tacaíonn siad le tuismitheoirí agus leis an mhórphobal teacht ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh raon seirbhísí do thuismitheoirí a leathnú, mar shampla grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, naíolann agus cúram leanaí, áiseanna sóisialta do dhaoine scothaosta srl. Agus iad uilig ar fáil ar bhonn trasphobail. Bíonn siad ag obair go dícheallach le leibhéil hochtaineachta agus cruatain a bhíonn ag baill...
Ionad Teampall Chróine

Ionad Teampall Chróine

Cúlra

Is foirgneamh stairiúil Ionad Teampall Chróine a tógadh sa bhliain 1853 mar Eaglais Naomh Pheadair. Sa bhliain 1999 d’oscail an foirgneamh athchóirithe don phobal. Má tá tú ar lorg eolas do chuairteoirí, cupán tae, leabhar le léamh, cuimhneachán le céannach nó pas bordála a phriontáil tar isteach agus beidh lúcháir ar fhoireann an ionaid cuidiú leat. Cuireann muid sraith ranganna agus cúrsaí ar fáil don pobal. I measc na áiseanna, tá Oifig Turasóireachta Pobail Fáilte Éireann, Leabharlann, Caife agus Ionad Seirbhísí Teanga

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9522198 Suíomh: therosses.ie Ríomhphost: theionad@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. -...
Ionad Teanga na Seanscoile

Ionad Teanga na Seanscoile

Cúlra

Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar sprioc ag an gComharchumann ó thús. Cuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil, ó champaí samhraidh go naíonraí, cúrsaí Gaeilge, ciorcail chomhrá, ranganna ceoil agus damhsa. Tá siopa earraí Gaeilge agus spás taispeántais ar fáil san ionad chomh maith.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)97 88082 Suíomh: www.cillchomain.com Ríomhphost: dunchaochain1@eircom.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Ionad Uíbh Eachach

Ionad Uíbh Eachach

Cúlra:

Is ionad teaghlaigh Gaeilge é Ionad Uíbh Eachach suite i gceantar na bhFál i mBéal Feirste. Bunaíodh é i 1990 i seanionad pobail Uíbh Eachach agus tá fás tar éis teacht ar réimse na seirbhísí atá ar fáil ann ó shin. Cuirtear an tIonad Cúram lae Gaeilge ar fáil do pháistí, cumann iarscoile Gaeilge, ranganna Gaeilge, seirbhísí do thuismitheoirí .i. Cúrsaí tuismitheoireachta, Tachráin agus Tuistí, Grúpa tacaíochta, Fan le Súgradh chomh maith le cúrsaí dírithe ar an óige. Ar bharr sin, d’oscail Ionad Uíbh Eachach aonad nua cúram lae Gaeilge i Mí Lúnasa 2017.

Teagmháil:

Uimhir fóin: +44 (28)90329180...
Oideas Gael

Oideas Gael

Cúlra

Bunaíodh Oideas Gael i 1984 agus tá na céadta duine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, ag teacht go Gleann Cholm Cille ó shin le freastal ar a gcuid cúrsaí Gaeilge agus cláir chultúrtha. Tá Foras Cultúir Uladh ina láthair d’imeachtaí Oideas Gael, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge agus caifé chomh maith le ranganna Gaeilge, ceoil agus damhsa. Tá sé mar sprioc ag Oideas Gael freastal ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9730248 Ríomhphost: oifig@oideasgael.ie Suíomh: oideasgael.ie

Uaireanta Oscailte

Meitheamh go Lúnasa: Luan go hAoine, 9:00r.n. - 6:00i.n. Mean Fómhair...
Oifig An Clár as Gaeilge

Oifig An Clár as Gaeilge

Cúlra

Bunaíodh An Clár as Gaeilge Teo. i 2002 agus tá an-chuid oibre déanta mar chuid den togra seo ó shin i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa chontae trí chéile. Is togra pobalbhunaithe é atá á chur i bhfeidhm ag Craobh na hInse, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh i 1913. Bhog an grúpa isteach in ionad nua ag tús 2017 i lár bhaile na hInse, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge, ranganna, ciorcail chomhrá agus go leor eile ar fáil.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)65 6864474 Ríomhphost: anclarasgaeilge@gmail.com Suíomh: www.anclarasgaeilge.net

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n....
Páirc na Mara

Páirc na Mara

Cúlra

Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suitei bPáirc na Mara, a bhí ina huileanncruithneachtacois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis, ar mhaithe leis an chuspóir sin, i 2015. Bíonn ranganna, grúpaí tuismitheoirí agus tachráin, seisiúin cheoil agus imeachtaí eile ar siúl ann. Tá Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ina fhiontair shóisialta anois agus bíonn gnólachtaí áitiúla lonnaithe i bPáirc na Mara.

Teagmháil

Uimhir fóin: +44 (0)28 4376 8784 Suíomh: www.lowermournegaelic.com Ríomhphost: boircheiochtar@gmail.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 3:00i.n. Oscailte sa tráthnóna agus ranganna/imeachtaí ar siúl
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Tá Teach na Gaeilge ina lárionad Gaeilge do phobal Mhaigh Cuilinn. Osclaíodh an tIonad sa bhliain 2011 nuair a tháinig baill agus cairde Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge le chéile agus thóg siad an t-ionad trí obair dheonach agus gan maoiniú stáit. Cuireann Teach na Gaeilge ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá, grúpaí tuismitheoirí agus leanaí, clubanna Ógras, Ionad Techspace, campaí samhraidh agus go leor eile ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)91 555626 Ríomhphost: peadar@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n. Satharn, 9:30r.n. - 12:00i.n
Uimhir 6, Conradh na Gaeilge

Uimhir 6, Conradh na Gaeilge

Cúlra

Tógadh an teach sna 1790í, ‘s bhí baint ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann leis thar na blianta, amhail Cairdinéal John Newman agus Mícheál Ó Coileáin. Anois, tá Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge lonnaithe san ionad, chomh maith le hoifigí Oireachtas na Gaeilge agus Ógras. Tá réimse leathan de sheirbhísí ar fáil san ionad: An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, ranganna Gaeilge, stiúideo Raidió Rí-Rá agus go leor eile.

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)1 4757401 Suíomh: www.cnag.ie Ríomhphost: eolas@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Oifig: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n. Siopa: Luan go hAoine, 9:30r.n. -...

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge