Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha. Chomh maith le ranganna Gaeilge agus eile, cuirfear clár leathan d’imeachtaí ealaíne, oidhreachta agus cultúrtha ar siúl sa lárionad, a bheas mar bhaile buan ag pobal na Gaeilge fá cheantar Ard Mhacha.
Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros Goill. Tá oifig ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh agus oibríonn lucht oibre an eagrais leis na teaghlaigh sa pharóiste. Bíonn os cionn trí scór pháistí ag freastal ar na himeachtaí a chuireann Céim Aniar ar fáil i ndiaidh am scoile sa Choláiste agus in Ionad CLG na Dúnaibh. Bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil san oifig i rith na bliana fosta.
Is ionad faoi úinéireacht an phobail é An Craoibhín sa Tearmann i nDún na nGall. Osclaíodh go hoifigiúil é i mí na Bealtaine 2009. Tá ionad teaghlaigh, halla spóirt, ríomhlann agus go leor áiseanna eile ar fáil don phobal ann, idir óg agus aosta. Cuirtear ranganna Gaeilge agus campaí samhraidh do pháistí ar fáil ann chomh maith.
Cúlra: Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge. Teagmháil: Uimhir fóin: +44 (0)2890964180 Suíomh: www.culturlann.ie Ríomhphost: oifigfailte@culturlann.ie...
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Chultúrlann Uí Chanáinn i Mí Mheán an Fhómhair 2009 le hamharclann, caife, siopa, club óige, seomraí léachta agus ranga.
Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.
Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne agus ceardlanna do na scoileanna sa cheantar. Tá béim ar na healaíona dúchasacha chomh maith leis an nGaeilge
Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar a bharr sin tacaíonn siad le tuismitheoirí agus leis an mhórphobal teacht ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh raon seirbhísí do thuismitheoirí a leathnú, mar shampla grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, naíolann agus cúram leanaí, áiseanna sóisialta do dhaoine scothaosta srl. Agus iad uilig ar fáil ar bhonn trasphobail. Bíonn siad ag obair go dícheallach le leibhéil hochtaineachta agus cruatain a bhíonn ag baill...
Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar sprioc ag an gComharchumann ó thús. Cuirtear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil, ó champaí samhraidh go naíonraí, cúrsaí Gaeilge, ciorcail chomhrá, ranganna ceoil agus damhsa. Tá siopa earraí Gaeilge agus spás taispeántais ar fáil san ionad chomh maith.