Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1ú-17ú Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon...