Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Na folúntais is coitianta sa Ghaeilge ó thús 2022

| fionnuala |

Sa chéad leath de 2022, fógraíodh níos mó ná 250 folúntas ar PEIG – sé sin le rá, folúntais do phoist a fheidhmíonn trí Ghaeilge nó le Gaeilge. Tháinig cuid de na folúntais seo ó na heagraíochtaí féin, agus bailíodh na cinn eile ó shuíomh earcaíochta, ó fhógraí ar na meáin nó ó shuíomh na heagraíochtaí féin.  Faoi dheireadh, cláraíodh folúntais ó níos mó ná 130 eagraíocht, idir cinn phoiblí agus cinn príobháideach, ar PEIG.

Mar a léirítear sa ghraf thíos, bhain níos mó ná 50% de na folúntais sin a d’fhógraíodh leis an oideachas, leis na meáin, nó le cúrsaí gnó.

Lean ar aghaidh ag léamh chun níos mó eolais a fháil ar na folúntais sna príomhchatagóirí.

1. Oideachas agus oiliúint

Is í seo an chatagóir is mó – bhain 30% de na folúntais  a d’fhógraíodh leis an oideachas nó an oiliúint – thart ar 70 post.

Má bhreathnaímid ar na fochatagóirí, feictear gurb é an mhúinteoireacht an grúpa is mó.  Bhain 33% de na folúntais sa chatagóir seo le múinteoireacht (léachtóirí, múinteoirí agus teagascóirí), 24% le hoibrí agus cúntóirí, 23% le hoifigigh oideachais de shaghas éigin (oifigigh fheidhmiúcháin, oifigigh fhorbartha, oifigigh óige, oifigigh thionscadail agus oifigigh thaighde), agus 20% de na folúntais oideachais le bainistíocht (stiúrthóirí, bainisteoirí agus príomhoidí).

📣 Seo folúntas atá oscailte sa chatagóir seo faoi láthair: Cúntóirí taighde (📅29 Lúnasa 2022)

Ní aon ionadh mar sin gurb iad Comhar Naíonra na Gaeltachta agus Coláiste Mhuire gan Smál beirt de na seacht n-eagraíocht is mó a d’fhógair poist sa tréimhse seo.

2. Na Meáin

Is í seo an dara chatagóir is mó, le thart ar 34 post (13%).

Is iad an chraoltóireacht, an eagarthóireacht agus an léiritheoireacht na fochatagóirí is mó sa chatagóir seo. Cuireadh na folúntais ginearálta cosúil le criúnna, comhordaitheoirí agus maoir san fhochatagóir craoltóireacht. Fógraíodh cúpla post bunleibhéal agus ar bhonn taithí oibre sa chatagóir seo freisin.

📣 Seo folúntais atá oscailte sa chatagóir seo faoi láthair: Oibreoir Fuaime (📅19 Lúnasa 2022)

Anseo freisin, ní aon ionadh go bhfuil RTÉ agus TG4 sa liosta de na seacht n-eagraíocht is mó a d’fhógair poist sa tréimhse seo. Agus cé nach bhfuil siad sna figiúirí thuas, bíonn deiseanna ann i gcónaí dul ag obair ar bhonn deonach le Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus aerthonnta.ie.

3. Anailís agus forbairt gnó, agus bainistíocht tionscadail gnó

Bhí beagnach an méid céanna folúntais sa chatagóir seo (thart ar 31 post) agus a bhí le haghaidh na meáin thuas.

Is léir gurb iad oifigigh is mó a bhí sa tóir ag na heagraíochtaí – oifigigh fhorbartha, thionscadail, fheidhmiúcháin agus thaighde, den chuid is mó. Bhí an chuid dóibh á lorg ar na heagraíochtaí ón Tuaisceart – sé sin le rá, ionad cultúrtha cosúil le hAonach Mhacha, Cultúrlann McAdam ó Fiach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Glór na Móna, Gaeláras Mhic Ardghail srl. Is iad na comharchumainn is mó a bhí ag lorg bainisteoirí sa tréimhse seo.

D’fhógraíodh trí dheis scoláireachta/intéirneachta – ceann ó thuaidh, ceann ó dheas agus ceann san Aontas Eorpach, uilig á thairiscint ag eagraíochtaí stáit.

📣 Seo folúntas atá oscailte faoi láthair sa chatagóir seo: Scoláireacht i bhForbairt Gnó

4. Riaracháin

Baineann an chatagóir seo le folúntais cosúil le riarthóirí oifige nó rúnaí scoile, agus ba 8% de na folúntais uilig iad. Is iad eagraíochtaí cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, ollscoileanna, agus ionaid cultúrtha is mó a bhí sa tóir orthu seo. Feictear níos mó obair páirtaimseartha sa chatagóir seo ná sna cinn eile.

📣 Seo folúntas atá oscailte faoi láthair sa chatagóir seo: Riarthóir Ealaíona (📅12 Lúnasa 2022)

5. Innealtóireacht

Is iad cliantchomlachtaí an Údaráis is mó a d’fhógair na folúntais seo  – Viatris, Cambus Medical, Arán Ard Teo agus níos mó mar iad.

📣 Seo folúntais atá oscailte faoi láthair: Folúntais le Viatris

7. Folúntais Acadúil

Léachtóirí, agus comhordaitheoirí sa réimse oideachais is mó a bhí á lorg sa chatagóir seo, le cúpla folúntas san aistriúcháin agus eolaíocht freisin. Ba iad Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Luimnigh, agus Institiúid Oideachais Marino na príomhfhostóirí. Fógraíodh cúpla scoláireacht san oideachas freisin.

6. Pleanáil Teanga

Ní aon ionadh go raibh, agus go mbíonn, éileamh suntasach ar oifigigh agus comhordaitheoirí pleanála teanga, agus an oiread sin pleananna teanga á faomhadh sna Gaeltachtaí, bailte seirbhíse agus líonraí. Bhí thart ar 13 folúntas dóibh timpeall na tíre – i nGaillimh, i gCorcaigh, sa Dún, in Aontroim, sa Chlár, i gCiarraí, i gCúige Laighean agus srl.

📣 Seo folúntais atá oscailte faoi láthair sa chatagóir seo: Oifigigh Pleanála Teanga (📅12 Lúnasa 2022)

Roinnt na bhfolúntas

Is féidir roinnt na bhfolúntas ar fud na tíre a fheiceáil ar an léarscáil seo. Ba é Gaillimh an contae leis na folúntais is mó sa tréimhse seo, le 28%, agus ansin tagann Baile Átha Cliath le 13% agus Dún na nGall le 10%. Maidir leis na ceithre fholúntas thar lear, bhí leath acu á fhógairt in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na cinn eile in ollscoileanna in Albain agus sa Bhriotáin.

Is léir ón méid catagóir atá againn go bhfuil éagsúlacht mhaith sna folúntais a d’fhógraíodh ar PEIG, agus ar mhórán gach leibhéal.

📣 Coimeád súil ar PEIG.ie/folúntais i gcónaí chun folúntais reatha a fheiceáil.

Ailt Ábhartha Eile

Suim agat i bpost le Gaeilge? Seo liosta d’ailt ábhartha ar PEIG.ie: