Comóradh 125 Bliain Chonradh na Gaeilge i mBaile Uí Fhiacháin
Comóradh 125 Bliain Chonradh na Gaeilge i mBaile Uí Fhiacháin
@ Óstán Bhaile Uí Fhiacháin
Féile Léacht nó CaintGo gairid tar éis bhunú Conradh na Gaeilge in 1893 bunaíodh craobh den eagras nua, an chéad chraobh i gCo Mhaigh Eo, i mBaile Uí Fhiacháin ar an 14 Samhain 1897. B’iad Canon Greally, Rev J Godfrey agus P Casey a bhí i gceannas na craoibhe nua. Anois tá Newport 300, i gcomhar le Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge, chun an ócáid sin a chomóradh agus a cheiliúradh, 125 bliain tar éis a bunú.
Ócáid mhór í seo i saol na Gaeilge sa chontae agus i stair Bhaile Uí Fhiacháin. Beidh an ócáid ar siúl in Óstán Bhaile Uí Fhiacháin ar an 10 Samhain agus is é Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a bhéas mar aoichainteoir ar an oíche. Is é Daibhí Mac Donnachda a bhéas mar fhear an tí. Ócáid dhátheangach a bhéas ann agus tabharfar muid ar thuras an Chonartha sa chontae.
Beidh Julian ag caint ar obair an Chonartha sa chontae agus cuirfidh Daibhí agus Peter Mullowney ar an eolas muid faoi chúrsaí Bhaile Ui Fhiacháin. Beidh neart ceoil, rince agus amhránaíochta ina dhiadh. Ag glacadh páirte beidh Julie Langan, Liam Ó Scanláin, Mairtín Mac Aodha agus go leor leor eile.