Ceolchoirm Ceoltóiri Óga Comhaltas Dhúiche Sheoigheach
Ceolchoirm Ceoltóiri Óga Comhaltas Dhúiche Sheoigheach
@ Seachtain na Gaeilge/Taibhdhearc na Gaillimhe
Imeacht don Óige Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínGrúpa ceoltóirí óga (8-16bl d'aois) ó Chomhaltas Dhúiche Sheoigheach a thabhairt le chéile le ceolchoirm a chur ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe (Amharlann Naisiúnta na Gaeilge) le linn Seachtain na Gaeilge. Tá grúpa Comhaltas Dhúiche Sheoigheach dul ó neart go neart ó athbhunaíodh é in 2017 agus cé go raibh tréimhse an dianghlásáil dúshlánach, chruthaigh an coiste bealaí éagsúla leis na ceoltóirí óga a choinneáil leis an gceol. Reáchtáiltear imeachtaí an ghrúpa uile, an ceolchoirm seo ina measc, trí ghaeilge. Tá na ceoltóir aitheanta, Ríona Ni Chonbhuí, ceaptha ag an gcoiste, chun an grúpa a stiúradh agus leis an gCeolchoirm a chur le chéile, ceolchoirm ina bhfuil meascán do dhamhas ar an seanós, amhránaíocht and ceol gaelach. Tá costas faoi leith ag titim ar an gcoiste chun an ceolchoirm seo a thabhairt le chéile, costas cíosa an Taibhdhearc san áireamh.
Meastar go mbeidh thart ar 30 gasúr páirteach sa gceolchoirm agus cuidíonn an cleachtadh agus an teacht le chéile le borradh a chur faoin gceol agus faoin gcúltúr. Tá an tionchar dearfach a bhíonn ag na ranganna ceoil agus an cleachtadh ar an nGaeilge i gceantar tearcforbartha imeallach le feiceáil agus an Ghaeilge le cloisteáil go tréan ag na ngrúpa seo.