![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F08%2Fteachmhicg.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=5e09402d)
Féile Saibhreas na Síoraíochta (Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta)
Féile Saibhreas na Síoraíochta (Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta)
@ Teach Mhicí Mhic Gabhann
Féile Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus EalaínBígí linn agus muid ag dul ar turas ar ais fríd na blianta.
Déardaoin 17/08/2023 @ 2-5pm Turas treoraithe, leis an treoirí Cathal Ó Fearraigh, go Inis Bó Finne. Beidh scéalta, bealoideas agus craic le cloisint ar an lá. (20 spás)
Dé hAoine 18/08/2023:- 11-3.30- Turas na dTithe Oidhreachta Ag tosú ag Teach Mhicí Mac Gabhann i bParóiste Chloich Cheann Fhaola, agus ag dul ar bhus go Teach Mhúiris i bParóiste Ghaoth Dobhair agus ó sin go Teach Niall Ó Domhnaill sna Rossa. Beidh Cathal Ó Fearraigh ár dtabhairt ar turas oidhreachta anuas fríd na blianta, le scéalta áitiúla, taispeantas sean uirlísí agus módhanna oibre, agus i Loch an Iúir beidh Eugene Mac Grianna ag déanamh cur síos ar tionscáil an aol agus an páirt a d'imir sé i stair Loch an Iúir.
-7i.n. - Oíche Airneáil dTigh Micí Mhic Gabhann , le aoi-chainteoir ag caint ar saol Mhicí. Beidh paistí ag léamh as leabhair Rotha Mór an tSaoil agus craic, ceol agus cómhra go leor ar an oíche.
Dé Satharn 18/08/2023 11-2. - Lá oscailte ag Teach Mhicí Mac Gabhann, le taispeantas ceardaíochta agus margadh tíre le earraí lámh dhéanta as an cheantair agus táirgí áitiúla a dhíol.
6.30 i.n - Beidh scannán ar saol Micí Mac Gabhann a tháispeain in Ionad a' Phobail Mhachaire Rabhartaigh agus Céilí Mór na Féile 7.30-9.30i.n.
Dé Domhnaigh 20/08/2023, 2-4 - Séisiúin ceoil ag an céibh le Comhaltas CCF agus Spóirt ar an Trá le Marie (3-5in) Beidh Cumann Rámhaíochta Chloich Cheann Fhaol ag tabhairt deis do dhaoine óga, triail a bhaint as curach a iomradh ag an céibh Mhachaire Rabhartaigh ó 2-4i.n.
All other information will be found on our Facebook page. https://www.facebook.com/profile.php?id=100010210002858
Tuilleadh eolais anseo.
*** Cliceáil anseo chun na himeachtaí as Gaeilge uilig atá á reáchtáil i rith 'Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta' a fheiceáil, nó cuardaigh 'Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta' anseo ar PEIG ***
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2023/08/Seachtain-Naisiunta-na-hOidhreachta-logo23.jpg)