Tionól Gaeilge Liatroma
Tionól Gaeilge Liatroma
@ Gaeil na hAilne Droim Seanbhó
Féile Léacht nó Caint Siamsaíocht Agus EalaínTionól Gaeilge Liatroma 2023
Beidh Tionól Gaeilge Liatroma 2023 á reáchtáil i gclubtheach Gaeil na hAilne CLG i nDroim Seanbhó ar an Aoine 27 Deireadh Fómhair ó 7-00 go 9.00pm.
Is í seo an chéad uair gur tháinig pobal na Gaeilge i Liatroim le chéile chun plé a dhéanamh ar staid na teanga i Liatroim agus díospóireacht a bheith ann ar chur chun cinn na Gaeilge sa chontae. Beidh cainteoirí ó na Gaelscoileanna sa chontae, Cumann na bhFiann, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú sa chontae. Beidh fáilte roimh aon duine gur spéis leo an Ghaeilge.