AerachAiteachGaelach
AerachAiteachGaelach
@ An Taibhdhearc
Léacht nó CaintBeidh an ócáid seo ar siúl trí Ghaeilge/ This event will take place through Irish.
Tá borradh tagtha ar scríbhneoireacht, ealaín, agus taibhléiriú na Gaeilge le blianta beaga anuas, a bhuí leis an tacaíocht atá á cur ar fáil ag réimse comharghrúpaí corraitheacha éagsúla. Tiocfaidh Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy le chéile le plé a dhéanamh ar cheann amháin de na grúpaí sin, mar atá AerachAiteachGaelach, agus an ceangal atá idir an ealaín, an aiteacht, agus an Ghaeilge. Déanfar léamh beag freisin agus gheobhaimid blaiseadh de ghlórtha sainiúla na bhfilí ildánacha seo.
Is comharghrúpa LADTA+ ealaíne é AerachAiteachGaelach a cuireadh ar bun ag tús 2020. Tá 60 ball LADTA+ sa ghrúpa idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, thaibheoirí draig agus alaíontóirí agus feidhmíonn sé go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Tuilleadh eolais ag https://www.cuirt.ie/whats-on/aerachaiteachgaelach/