An Chartlann Bheo: Animating the Archive
An Chartlann Bheo: Animating the Archive
@ An Taibhdhearc
Léacht nó CaintBeidh an ócáid seo ar siúl trí Ghaeilge agus Béarla / This event will take place through Irish & English
Arts in Action in partnership with Cúirt present:
Tomás Ó Máille – Scoláire agus Ceannródaí
Ba é Tomás Ó Máille (1880-1938) an chéad Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Gaillimh. Ceapadh sa phost é i 1909 agus lean sé ann nó go bhfuair sé bás go hanabaí in 1938. Ceannródaí ab ea an Máilleach ar mhórán bealaí ach is suntasach go háirithe mar a dhírigh sé ar nua-theicneolaíocht a linne fhéin – an taifeadadh fuaime. Chruthaigh sé na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as Connacht agus as an gClár, agus chuidigh sé le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a dhéanamh freisin. Sa cheolchoirm seo, cuirfidh an Dr. Deirdre Ní Chonghaile i láthair Tomás agus a shaothar, cloisfear blaiseadh beag dá thaifeadtaí ó Leabharlann na hOllscoile, agus déanfaidh triúr aíonna speisialta – Sarah Ghriallais, Mary Staunton agus Saileog Ní Cheannabháin – a leagan féin d’amhráin as cartlann an Mháilligh a chanadh. San ócáid aonraic seo, beidh an chartlann ina steillbheatha, beo ar ardán, agus na hamhráin a chruinnigh Tomás ar ais i mbéal an phobail. Seo ceiliúradh ar mhór-obair a rinne an Máilleach ag cruinniú saibhreas na n-ealaíon Gaeilge ó gach contae taobh thiar den tSionainn.
Tuilleadh eolais ag https://www.cuirt.ie/whats-on/an-chartlann-bheo-animating-the-archive/