Ceardlann Fiscean le Colm Ó Ceallacháin
Ceardlann Fiscean le Colm Ó Ceallacháin
@ Leabharlann Dhún Garbhán
Léacht nó Caint Rang Siamsaíocht Agus EalaínCúrsa é seo d'ardscríbhneoirí ar mian leo critic a dhéanamh ar a gcuid scríbhneoireachta i nGaeilge i suíomh ceardlainne. Beidh píosa ficsin suas le 2000 focal ag teastáil ó gach rannpháirtí roimh an gcúrsa.
Ar mhaithe le plé ceart a dhéanamh ar gach saothar, ba cheart líon na bhfocal a choimeád faoi bhun 2,000 focal, cé nach bhfuil sé riachtanach. Is cóir na saothair atá le plé(gearrscéal, sliocht as úrscéal nó dráma, cúpla splancscéal nó eile) a sheoladh ar ríomhphost ar a laghad seachtain roimh ré, i dtreo gur féidir na saothair a chur thart ar na rannpháirtithe, iad a bheith léite roimh ré acu, agus níos mó ama a bheith ar fáil le linn na ceardlainne chun tuairimí a mhalartú ina dtaobh. Iarrtar ar na rannpháirtithe cóip dá saothar a dhéanamh do gach éinne a bheidh i láthair chun an obair a éascú ar an lá.
Leibhéal: Cúrsa d’Ardscribhneoirí
Dáta: 17 Lúnasa
Fad: Lá amhain
Suíomh: Leabharlann Dhún Garbhán
Cláraigh anseo