Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta
Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta
Rang Siamsaíocht Agus EalaínDírithe ar scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhain
PRÓS AGUS FILÍOCHT
Dáta: Dé Luain, 11 Meán Fómhair 2023
Am: 19.00 – 22.00 (am na hÉireann)
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc
Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar fad ar an gceardlann.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com ROIMH an 3 Meán Fómhair 2023.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo.
Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile moccic22@outlook.com
nó Bridget Bhreathanch poibliocht@cic.ie
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: moccic22@outlook.com
www.cic.ie
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.